Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 9 Registered: 10-2010
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 06:05 am: | |
Chuala mé caint ar Thunderbird inné gur íoslódáil an ríomhchlár seo. Rud cosúil le Microsoft Outlook is ea é. D'éirigh liom mo chuid rphost sa bhosca isteach agam a iompórtáil, ach ar chúis éigin níl mé ábalta na sainfhillteáin atá cruthaithe agam in Hotmail a thabhairt liom. An bhfuil a fhios ag aon duine an dóigh le fillteáin phearsanta ó Hotmail a iompórtáil? Tá a fhios agam nach mbaineann seo le gnóthaí Gaeilge, ach má tá duine ann a bheadh in ann cuidiú a thabhairt dom, ba mhór agam a leithéid. GMRA - FRC |