Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 03, 2010 - 07:16 am: | |
An bhfuil leagan Gaeilge ann le haghaidh an fhrása - to roll out. To roll out a scheme/project fágaim. |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 86 Registered: 02-2009
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 11:06 am: | |
níl faic i De Bhaldraithe! Níl "roll out" i mo foclór Béarla-Béarla ach oiread develop? present? organise? eadaoin |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 865 Registered: 07-2009
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 11:51 am: | |
I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 527 Registered: 04-2009
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 03:49 pm: | |
scéim a chur i ngníomh tús a chur le scéim Más ag caint ar an scéim/tionscadal a thaispeáint don bpobal den chéad uair é: scéim/tionscadal a chur faoi bhráid an phobail den chéad uair. Nó "a thabhairt i láthair an phobail". |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 694 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 05:08 pm: | |
Déantar an Béarla a lot lena leithéid de MAC-fhriotal. D'iompódh Séicspír ina uaigh dá gcloisfeadh sé é. Nach bhfuil sórt impiriúlachais béarlagair i réim i saol an Bhéarla? Cuirtear iachall orainn aithris a dhéanamh ar bhéarlagair iasachta ach ní thugtar aitheantas do bhéarlagair na hÉireann, na hAlban srl. Nó fiú do bhéarlagair Sasana feasta! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 530 Registered: 04-2009
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 05:42 pm: | |
Níl aon locht agamsa ar "roll out a scheme, etc.", caithfidh mé a rá. quote:Nach bhfuil sórt impiriúlachais béarlagair i réim i saol an Bhéarla? Cuirtear iachall orainn aithris a dhéanamh ar bhéarlagair iasachta ach ní thugtar aitheantas do bhéarlagair na hÉireann, na hAlban srl. Nó fiú do bhéarlagair Sasana feasta! Conas a déarfaí "roll out a scheme" i mbéarlagair na hÉireann, abair? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 696 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 05:52 pm: | |
Prithee humbly but in ye olde tide we were wont to utter "introduce". Níl gá ar bith le béarlagair sa chás seo. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 86 Registered: 04-2009
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 12:31 am: | |
Ach nach bhfuil cineál leanúnachas ag baint le "roll out". Ní hé amháin go bhfuil tús a chuir leis an obair ach tógfaidh sé achar oiread le é a chríochnú? B'fhéidir go bhfuil mé mí-cheart. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 698 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 08:53 am: | |
Cad faoi "launch"? Nach é an rud céanna é? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 532 Registered: 04-2009
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 11:46 am: | |
"launch", "roll out", "introduce", "start up", etc. - cuireann a leithéidí le saibhreas an Bhéarla. Ní thuigim go díreach cad é an locht athá ag Ormondo ar "roll out". |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 699 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 01:31 pm: | |
Agus tá an cuma ar an scéal go bhfuil "roll-out" chun tosaigh anois. Níl rud ar bith agam i gcoinne béarlagair SAM ach ar ghá dúinn glacadh le gach píosa de in áit focal eile atá seanbhunaithe agus nach béarlagair iad ar chor ar bith? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 534 Registered: 04-2009
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 06:04 pm: | |
Recte: "an chuma", "i gcoinne bhéarlagair SAM". Ní thuigim. Más "béarlagair" Meiriceánach féin é, cén díobháil? Níl léirithe agat fós cad é go díreach an locht athá agat ar "roll out" mar théarma? Dar leat gur chóir cloí le focail athá "seanbhunaithe". Luais "introduce" roimis seo. Nách iasacht ón bhFraincis é "introduce", téarma a bhí ina "bhéarlagair" Francach lá don tsaol? Agus tá an tuairim chéanna agam i leith "launch". |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 701 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, November 09, 2010 - 06:24 pm: | |
GRMA as na rectí. Ní maith liom a bheith míchúramach. Sílim go bhfuil "roll-out" saghas páistiúil le hais a leithéidí "introduce". Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 559 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, November 09, 2010 - 06:48 pm: | |
"Páistiúil"? Tabhair míniú le do thoil. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 702 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, November 10, 2010 - 02:52 pm: | |
B'fhéidir gur "dúraithe" an focal a bhí ag teastáil uaim. Tá "introduce" agus "launch" níos faide ar an bhfód agus ceapaim gur thuig gach éinne iad. Ní raibh aon ghá leis gur deineadh leagan dúraithe díobh. Beidh "a think back", mar shampla, in ionad "a commemoration" againn lá éígin dá réir. Pidseanú teanga atá i gceist anseo. Ba chóir "roll out" a ionrolladh arís agus "launch" a athláinseáil ina áit. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 567 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 10:37 am: | |
Dúraithe = ??? quote:Tá "introduce" agus "launch" níos faide ar an bhfód agus ceapaim gur thuig gach éinne iad. Ní raibh aon ghá leis gur deineadh leagan dúraithe díobh. Níos faide ar an bhfód a deireas tú? Tánn tú ag cuir i gcoinnibh aon fhocail nuatha a cheapadh sa Bhéarla, ab ea? Ní raibh aon "ghá" le "roll out" a deireas tú linn. Níl aon bhaint chuige ag an scéal le "gá" ná "gátar". Ceaptar téarmaí nuatha is gach aon teanga bheo, ceaptar agus ligtear i ndearúd, is é dálta gach aon teanga é, ó aimsir na díleann i leith. Úsáidid cainteoirithe dúchaiseach, trí focail, cheithre nó chúig cinn féin le cuir síos ar an aon chuimhneamh amháin. Ní hea ar aon chor go meastar an iomarta focal a bheith i dteangain. quote:ceapaim gur thuig gach éinne iad Thuig agus tuigeann ach cad é an bhaint athá aige sin leis an scéal? quote:Beidh "a think back", mar shampla, in ionad "a commemoration" againn lá éígin dá réir. Agus má deirtear "a think back" féin, cén díobháil? Nách fearr a chuirfeadh san le dúchas an Bhéarla sochas iasacht ón bhFraincis "commemoration"? An mbeadh an cámas céanna agat ar "read over your submission" i mbeart "examine your submission"? quote:Pidseanú teanga atá i gceist anseo Cac asail! quote:Ba chóir "roll out" a ionrolladh arís agus "launch" a athláinseáil ina áit. Conas a dhéanfair san? Fíneáil throm a ghearradh ar aon Bhéarlóir dúchais a déarfaidh "roll out"? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10670 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 11:04 am: | |
Ní ionann céille dóibh. Nuair atá "roll out" i gceist, is fairsingiú ar rud éigin atá ann cheana a bhíonn i gceist go minic. Sin nó feithicil - déantar "roll out" ar traenacha nua. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 570 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 12:21 pm: | |
quote:Ní ionann céille dóibh. Recte: Ní hionann ciall dóibh. quote:Nuair atá "roll out" i gceist, is fairsingiú ar rud éigin atá ann cheana a bhíonn i gceist go minic. Ní hé sin a deir Oxford: "roll something out: officially launch a new product" Ná dictionary.com: the introduction or inauguration of a new product or service, as by an advertising campaign, public announcement, or exhibition: the most lavish rollout in soft-drink history. to introduce; unveil: a TV advertising campaign to roll out the new car. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 703 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, November 11, 2010 - 05:25 pm: | |
Dhéantaí "roll out" ar eitleán nua sna caogaidí. B'in foinse an fhocail. Agus is dócha gurbh fhocal éigeandála é ar dtús ar an ábhar nach raibh "launch" ar chumas an duine a d'úsáid an leagan eile an chéad lá riamh. Agus nach mí-ámharach an treoir an t-aineolas. (Message edited by ormondo on November 11, 2010) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|