Cé go bhfuil an Rialtas lán-thiomanta gach ar féidir linn a dhéanamh chun an Ghaeilge a chaomnhú agus a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine. Tá a fhios againn go ginearálta go bhfuil tromlach na ndaoine, idir dhaoine a labhraíonn agus nach labhraíonn Gaeilge, dearfach i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chruthú a spreagann daoine agus a thugann muinín dóibh a gcuid Gaeilge a úsáid, pé leibhéal atá acu. Tá sé riachtanach go n-úsáidfeadh daoine le Gaeilge an teanga nuair atá an deis acu agus tá sé riachtanach go ndéanfadh daoine í a cur ar aghaidh chuig a bpáistí. Tabharfaidh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an spreagadh agus an rogha do dhaoine é sin a dhéanamh.
Bhí cheithre fichid bliain aige Fianna Fáil agus an Stáitín seo chuin an scéal a chuir ina cheart. Creideann siad anois gur leor fiche bliain eile chuin an bheart a dhéanamh.