Author |
Message |
Rud_ar_bith
Member Username: Rud_ar_bith
Post Number: 24 Registered: 10-2006
| Posted on Tuesday, November 02, 2010 - 08:16 pm: | |
(cead rud - ni oibrionn sineadh fada ar an riomhaire seo,( mo leithsceal) ta gaeilge agam ach nil me ro-mhaith ag aistriu! ta cara de mo chuid ag iarraidh seo a chur i ngaeilge, ach ba mhaith liom aistriuchain cruinn alainn a tabhairt do, chan aistriuchain direach gan shaibhris teanga ar bith an mbeidh sibh abalta smaoineadh ar seo : She lives her life like a bird in flight beidh bhur dtuairimi ina gcuidiu dom. grma |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 845 Registered: 07-2009
| Posted on Tuesday, November 02, 2010 - 09:44 pm: | |
quote:She lives her life like a bird in flight Is as Rhiannon é seo, nach ea? She rules her life like a bird in flight http://www.fleetwoodmac.com/discography/songs/rhiannon Cad é atá cara duit a rá? mómhar? saor? gan éadaí? I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10585 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 03, 2010 - 04:54 am: | |
She lives her life like a bird in flight Ar nós éin ag eitilt a mhaireann sí |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 505 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, November 03, 2010 - 06:01 am: | |
Caitheann sí a saol mar éan ar eiteog |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10586 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 03, 2010 - 06:22 am: | |
Is fearr liom do leagansa. Ní raibh "ar eiteog" ag rith liom, cé gur mhothaíos i gcúinne m'intinne go raibh a leithéid de nath ann. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 987 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, November 03, 2010 - 02:33 pm: | |
Nach mar sin a chaith an rí Suibhne Gealt a chuid ama tar éis dó cúraimí an tsaoil a thréigean? Ag eitilt thart os cionn barr na gcrann? Bheadh abairtí deasa sa scéal sin don té a d'aimseodh iad. [[Ceist: Cé acu ba chirte: os cionn bharr na gcrann / os cionn barr na gcrann / os cionn bharra na gcrann / os cionn barra na gcrann?]] |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10588 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 03, 2010 - 04:51 pm: | |
Is ea. Bheadh. Ceist do lucht gramadaí. "barr na gcrann" a bheadh agamsa, ach ní haon barántas cirte san. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 507 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 06:07 am: | |
"Ceist ar an lucht gramadaí" os cionn bharra na gcrann Bheadh "os cionn barr na gcrann" aiges na cainteoirithe is sine, siod é, ginideach iolra "barr". "os chiúnn/ós chiúnn/as chiúnn" a deirtear ó dheas. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10593 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 06:34 am: | |
quote:"Ceist ar an lucht gramadaí" Conas is féidir idirdhealú a dhéanamh idir a question which ought to be put to the grammarians agus a question which is proper to the grammarians An dara ceann a bhí i gceist agamsa le "ceist do" |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 512 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 06:41 am: | |
Ceist is dual don lucht gramadaí |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10594 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 07:17 am: | |
GRMA. Nífidh mé iarracht é sin a bhreith liom. |
|
Macdara
Member Username: Macdara
Post Number: 179 Registered: 09-2008
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 07:23 am: | |
'The Birds of Rhiannon' feature in some old Welsh myth,can't think where I read it now.We had some Welsh friends over in the summer.Their eldest girl ,Rhiannon is ainm di,was chatting away as Bhreatnais with her kid sister.Our neighbours thought they were speaking as Gaeilge,is trua liom a rá. They live in Cardiff,not the Gaeltacht and the Dad is English.Wish we could bottle that Welsh 'language gene'.Or genie! |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 513 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 07:27 am: | |
Welsh has many times the number of native speakers who use the language daily than is the case in Ireland. What is more, Welsh is an urban as well as a rural language. You find the language spoken in town and country in its heartland. Welsh was also spoken by those working in heavy industries like coal mining. This was never the case in Ireland, even when we had millions of native speakers, apart from a few exceptions like Kilkenny City and New Ross, Co Wexford and Galway City. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10597 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 09:28 am: | |
Seachas thar lear! Bhí Gaeilge i Londain agus is dócha na mianaigh i Meiriceá. |
|
Rud_ar_bith
Member Username: Rud_ar_bith
Post Number: 25 Registered: 10-2006
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 01:50 pm: | |
aye beidh orm ceist a chur le fail amach ar thug se an abairt ceart dom, b'fheidir gur 'she rules her life' ata ann. go raibh maith agaibh uilig cib e, aontaim le hAonghus, is fearr liom an darna leagan. caithfidh me sineadh fada a fhail ar an mhac seo, PC abu! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10600 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 04:04 pm: | |
|
|
Rud_ar_bith
Member Username: Rud_ar_bith
Post Number: 26 Registered: 10-2006
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 05:32 pm: | |
Aonghus mo chara tá sin ar dóigh! tá sé deacair nuair atá PC in úsáid agat le blianta ach cuidíonn sin go mór liom, go raibh maith agat arís! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10601 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 04, 2010 - 06:28 pm: | |
Níl a bhuíochas ort. Sé Google do chara i gceisteanna mar sin! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10607 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 05, 2010 - 08:39 am: | |
Leagan eile http://www.scriobh.ie/Page.aspx?id=12&l=1 (D'fhéach mé ansin ar dtúis, ach theip orm é fheiceáil) |
|