Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10559 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 03:59 pm: | |
Is é seo uimhir a 339 (lch 27) de Seanfhocail na Mumhan, eagrán 1984 in eagar ag Pádraig Ua Maoileoin (bunaithe ar chéad eagrán an Seabhaic) Ach nuair a scríobh mé mar atá thuas é, scríobh an Carmanach: quote:Recte: fear gan beann ar aoinne - tá "beann" cáilithe. Ar mhiste leis (nó le gramadóir éigin eile) fios fátha an scéil a thabhairt dom? An botún cló atá sa leabahr, nó an bhfuilim dall ar chúinse éigin eile? |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 836 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 04:33 pm: | |
dil.ie, faoi benn In late use heed, attention, regard: gan beinn air bith air na haitheanta do choimheud `without any care to keep the commandments ' gan beann do chur ar raidhtibh na heagluisi coitchinne, Luc. Fid. 3993. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10560 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 04:39 pm: | |
Go raibh maith agat as an sampla, ach cén tátal atá le baint as? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 691 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 05:26 pm: | |
Sliocht as an soiscéal graiméir Ghaeilge de réir na mBráithre Críostaí: 4.9 Séimhítear an túschonsan nuair atá an t-ainmfhocal nó an t-ainm briathartha faoi réir ag an réamhfhocal gan: gan mhaith; gan mheabhair; fear gan phósadh; cailín gan mhúineadh; fan gan chorraí; fágtha gan chompánaigh. Ach ní shéimhítear má tá an t-ainmfhocal á cháiliú: gan cúis ar bith aige leis má tá gan i bhfrása ainmfhoclach: b'fhearr duit gan corraí; abair leis gan pósadh; mol dó gan pingin a chaitheamh más d, f, s, t is túslitir don ainmfhocal: gan dabht (freagra, sagart, teip); gan fios, fáth ná siocair; ach d'éalaigh sé gan fhios [dom] más ainm dílis cinnte atá ann: tháinig tú gan Micheál. Is cosúil go bhfuil meas ag an nGaelainn ar ainmhfhocail a bhfuil rud éigin greamaithe díobh agus drogall uirthi iad a chlaochlú dá bharr. Solaoid eile: féachtar ar an "AN tAINMNEACH THAR CEANN AN GHINIDIGH." I gcás "gan bheann ar aoinne" nílim cinnte de go ndéanann "ar aoinne" ainmfhocal cáilithe de "beann". Nach bhféadfaí "gan aon bheann ar aoinne" a rá a chuirfeadh an chiall chéanna in iúl? Ní fheicim go bhfuil "ar aoinne" greamaithe de "beann" ar an gcaoi chéanna a mbeadh "ar bith" nasctha leis. Nó an bhfuilim ar seachrán? (Message edited by ormondo on October 28, 2010) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 837 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 05:44 pm: | |
Is fofhrása ar aoinne a chuireas síos ar an bheann. Mar sin, fear gan bheann, ach fear gan beann ar aoinne. Insíonn an frása "ar aoinne" dúinne rud inteacht fána bheann, is é sin, ar a bhfuil an ceal binne. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 692 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 05:48 pm: | |
Ba cheist chanúna í mar sin, dá réir. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 480 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 07:02 pm: | |
quote:Ba cheist chanúna í mar sin, dá réir. Deir Diarmuid Ó Sé i dtaobh Chorca Dhuibhne (mír 397) gur gan + 0 an gnás, ach bíonn gan + séimhiú i bhfrásaí socra áirithe. Dh'fhéadfaí an sampla a luadh thuas in Seanfhocail na Mumhan a dh'áireamh ar na frásaí socra úd. Thugas súil ar shamplaí a chaimsíos ar mo chuid nótaí féin ó chiainibhín agus cím go bhfuil an úsáid an-mheascaithe ag údair Ghaeltachta an deiscirt maidir le gan + ainm (nach ainm bhriathartha). quote:Ní fheicim go bhfuil "ar aoinne" greamaithe de "beann" ar an gcaoi chéanna a mbeadh "ar bith" nasctha leis. Tuigim ach ar a shon san féin ní "fear gan bheann" é ach fear athá in éamais "beann ar aoinne". Sin í díreach an deifir. "Beann ar aoinne" an t-aonad céille. Pé ar domhan é nó nách é, leagan ábhar diúltach aithiseach spídiúil is ea "Fear gan bhean gan chlann fear gan bheann ar aoinne". Ach ní hin an t-aon tsampla amháin don ndíspeagadh caomhach suarach cúngaigeanta a chímid in Seanfhocail na Mumhan. Seo dornán samplaí eile: 349 Óinseach bean gan pósadh 26 Níl aoinne is fearr a mhíníonn an bhean mhínáireach ná an té ná fuil sí aige ["a shmachtaíonn" athá cloiste agamsa] 40 Bíonn múineadh ar fhear ó aois go bás Ach ní bhíonn múineadh ar bhean go Lá an Bhrátha 52 Bhuaigh an bhean ar an muc agus bhuaigh an mhuc ar an Áibhirseoir Cheapfadh duine gur peaca marfach do dhuine a bheith ina bean i bhfianaise a liachtaí téarma maslach ar mhná sa foclóirí. Maidir leis an bpost eile go raibh an tatú agus an cailín óg againn á phlé, creideann Aonghus nár chóir cead cainte ar an scéal a bheith ag éinne gan bhean gan chlann. Cá bhfágfadh san sagart Caitliceach Rómhánach? |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 838 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 07:35 pm: | |
quote:Seo dornán samplaí eile Ceapaim gur magadh le greann iad a d'athraigh go seanfhocla go mall. Sílim go bhfuil sé an-choitianta roimhe seo, agus sílim go bhfuil sé coitianta go fóill (anonn agus anall), ach athraíodh an tarcaisne. http://www.thejokeyard.com/funny_insults/insulting_men.html http://www.comedy-zone.net/jokes/laugh/insults/insult4.htm (Message edited by seánw on October 28, 2010) I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10561 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 29, 2010 - 03:41 am: | |
quote:creideann Aonghus nár chóir cead cainte ar an scéal a bheith ag éinne gan bhean gan chlann. Cá bhfágfadh san sagart Caitliceach Rómhánach? Seafóid. Mar a dúirt mé leat thall, ag déanamh grinn a bhíos. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10563 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 29, 2010 - 03:44 am: | |
Dála an scéil, go raibh maith agaibh as cuir le'm eolas. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10567 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 29, 2010 - 04:30 am: | |
Agus rud eile: an chiall a bhainimse as an seanfhocal ná go bhfuil an fear gan bhean, gan chlann saor ó bhuairt agus neamhspleách. (Maidir le díspeagadh ar mhná - tá sin ann: agus tá sé suntasach gurbh fir [neamhphósta?] iad cuid mhór de na foclóirithe agus cnuasaitheoirí seanfhocail. Táim measartha cinnte go raibh ar a laghad an méid céanna nathanna ag na mná le fir a chuir ina n-ionad cheart!) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1298 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 29, 2010 - 05:37 am: | |
quote:Táim measartha cinnte go raibh ar a laghad an méid céanna nathanna ag na mná le fir a chuir ina n-ionad cheart! Molaim duit "Seanfhocla Chonnacht." Cnuasach a bhfuil chuile shórt ann, and I mean chuile shórt! Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10568 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 29, 2010 - 05:38 am: | |
Tá sé ar an liosta agam le tamall, ach seo an leithscéal ceart.... An ceann seo atá i gceist, nach ea? Rud beag daor. Súil agam go mbeidh San Nioclás flaithiúil... (Message edited by aonghus on October 29, 2010) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1299 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, October 29, 2010 - 06:09 am: | |
Sin é go deimhin, a Aonghuis. Is mór idir é agus leabhairíní Gabriel Rosenstock agus Gary Bannister. 400 lch nach mór agus iad breac le cló beag. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 482 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, November 01, 2010 - 08:20 am: | |
Tá Seanfhocail Uladh leis ann. |
|