Author |
Message |
Skii30
Member Username: Skii30
Post Number: 194 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 08:48 am: | |
1.• Ceisteanna atá bunaithe ar phíosa léitheoireachta a fhreagairt. 2. • Cárta aitheantais a scríobh le cabhair ón múinteoir. 3. • Abairtí a chruthú le foclóir nua ( cailleach, taibhse) agus na briathra ‘Thosaigh mé, Chonaic mé, Fuair mé . Mar shampla 'Thosaigh mé ag caoineadh nuair a chonaic mé an cailleach' 4. • cleachtaí scríbhneoireachta a dhéanamh. I think the Gaeilge is 'ceart go leor' but just want to be sure. Go raibh maith agat! |
|
Skii30
Member Username: Skii30
Post Number: 195 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 08:49 am: | |
Sorry Also How do you say as Gaeilge What date is today? Is it 'Cad é an dáta inniu'? |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 540 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 09:28 am: | |
Skii30, Cé an dáta inniu é? What date is it today? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 454 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 09:33 am: | |
quote:1.• Ceisteanna atá bunaithe ar phíosa léitheoireachta a fhreagairt. 2. • Cárta aitheantais a scríobh le cabhair ón múinteoir. 3. • Abairtí a chruthú le foclóir nua ( cailleach, taibhse) agus na briathra ‘Thosaigh mé, Chonaic mé, Fuair mé . Mar shampla 'Thosaigh mé ag caoineadh nuair a chonaic mé an cailleach' 4. • cleachtaí scríbhneoireachta a dhéanamh. 1. Ceart 2. Ceart 3. le "focail nua". Foclóir = leabhar. "an chailleach" - focal baininscneach. 4. Ceart Cad é an dáta é inniu? = What's today's date? |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 827 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 09:35 am: | |
Sílim gur gá duit níos mó comhthéacs a chur. Déarfainn, áfach, "Ceistanna ar phíosa léitheoireachta atá le freagairt." faoi 1, agus "Cén dáta atá ann inniu?" nó "Cén lá atá ann inniu?" I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 455 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 09:38 am: | |
Tuigim go mbeadh "Ceisteanna atá bunaithe ar phíosa léitheoireachta a fhreagairt." athbhríoch. Mholfainn mar sin "Freagra a thabhairt ar cheisteanna atá bunaithe ar phíosa léitheoireachta". |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 456 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 09:39 am: | |
quote:agus "Cén dáta atá ann inniu?" nó "Cén lá atá ann inniu?" Nár chirte "Cén dáta atá inniu ann?" agus "Cén lá atá inniu ann?"? |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 828 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 11:32 am: | |
Tá roghannaí go leor ann. Thig leis úsáid a bhaint as "Cad é an lá atá ann inniu?" fosta. Is fearr liom ann inniu anseo in áit inniu ann. Bainaim úsáid as inniu ann sa fhrása sa lá atá inniu ann. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 467 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 06:34 pm: | |
quote:Is fearr liom ann inniu anseo in áit inniu ann Ina dhiaidh san féin, is é an gnás sa chaint dobhriathar ama a chuir roim dhobhriathar ionaid. Féach a ndúirt an Criomhthanach: "Ní bheidh ár leithéidí aríst ann". Is ea! "Aríst ann", agus ní hé "ann aríst". Seo samplaí eile ó Chorca Dhuibhne agus ó Mhúscraí Thiar: Ní théim in aon chor anois ann; I don’t go there at all now, (CBL:TÓC) Sinn féinig a bhí an uair sin ann, (GCD:160), Ach níl éinne anois ann go dtugathar ‘Aodh’ air; But there is no one now called ‘Aodh’, (SAL:5), |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 834 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, October 27, 2010 - 08:47 pm: | |
Thig le dobhriathra bheith éagsúil de réir stíle, ar ndóighe. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Scooby
Member Username: Scooby
Post Number: 21 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 02:32 pm: | |
foclóir = vocabulary Ní gá gur leabhar atá i gceist. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 479 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 02:35 pm: | |
quote:Ní gá gur leabhar atá i gceist. Ní hin é a deirtear in An Foclóir Beag |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10558 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 03:55 pm: | |
Tá vocabulary ag an Dálach: ach má théitear ag de Bhaldraithe tá soiléiriú: stór focal a bhíonn ag duine. Is annamh a úsáidtear vocabulary sa Bhéarla sa chiall "liosta focail, gluais" ach sin ciall amháin atá leis. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 835 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, October 28, 2010 - 04:12 pm: | |
Sílim go dtig le cuid daoiní bheith fríd chéile ag foclóir. Bhainfinn úsáid as stór focal ina áit. Mar sin, Abairtí a chruthú le stór focal nua ... nó, b'fhéidir, Abairtí a chruthú as an stór focal nua ... . I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|