Author |
Message |
The_lilywhites
Member Username: The_lilywhites
Post Number: 18 Registered: 10-2010
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 08:06 pm: | |
I've heard that a lot of native speakers in Conamara speak English to their dogs instead of Irish, which I find unusual. They say its becauses English is only good enough for dogs and puts a slur on the English language. Do locals in Donegal, Kerry, Mayo etc speak Irish or English to their dogs? Is it just a Conamara thing? I've always wondered that Go raibh maith agaibh |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3686 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 08:33 pm: | |
S cuimhneach liom seanbhean i nGort a' Choirce a d'ins dúinn gur ghnách ainm Béarla a thabhairt ar na peataí : Fluffy a bhí ar a cat agus ainm Béarla eile (nach bhfuil cuimhne agam air fá láthaoir) a bhí ar a madadh. Ach más buan mo chuimhne chuirfeadh sí Gaeilg rompu. Cibith, tá aithne againn ar bhean amháin ar a laghad i gConamara a labhras eadar Ghaeilg is Bhéarla lena madadh ;-) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 79 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 01:27 am: | |
:) Níl ag mo mhada-sa ach cúpla focal Béarla. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 420 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 04:12 am: | |
Ar feadh m'eolais-se, is é an gnás riamh é gan ach Béarla a labhairt lé madraí i gCorca Dhuibhne. Níl cloiste agamsa ach Béarla á labhairt leo aige feirmeoirithe, abair. N'fheadar an riail dhocht é sin, ámh. Maidir le hainmeacha na madraí dho, tá cuir síos aige Donnchadh Shéamais Ó Drisceoil agus Amhlaoibh Ó Luínse. Ainmeacha Béarla is mó a ghlaoidíst ar a gcuid madraí is gadhar. "Duke", "Prince" etc. An míniú a chuala féin air seo ná go dtéadh daoine go háiteanna go mbíodh Béarla á labhairt leithéidí an Daingin agus Thrá Lí le madraí a cheannach ach n'fheadar an bhfuil aon bhun fírinne leis sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10492 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 04:33 am: | |
Bheadh ciall leis, áfach. Thug m'athair mór "Beomhar" ar a mhadra cionn is go raibh "Rover" mar ainm air roimhe, agus go dtéann na gadhair i dtaithí ar na fuaimeanna. Más tré Bhéarla a bhí an gadhar oilte, bheadh sé deacair sraith nua fuaimeanna a mhúineadh dhó. Maidir leis an drochmheas a léiriú don Bhéarla tréna labhairt leis na gadhair, sílim gur miotas (ní fheileann "uirbeach" anseo?) sin. Agus bheadh sé ag teacht salach ar an bhfíric gur mó teaghlach a tógadh le Béarla, cionn is meas a bheith air... |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 298 Registered: 10-2009
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 06:20 am: | |
Deirim le mo ghadhar focail ar nós 'Tar anseo, Tar liom, Bí i mo dhiaidh', srl. Is é an rud céanna le mo chuid ba ar an bhfeirm (Lean ort, teanam ort, srl)! 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Macdara
Member Username: Macdara
Post Number: 176 Registered: 09-2008
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 06:21 am: | |
Meig!Meig! a deir an gabhar What,what? a deir an chaora By Dad ! a deir an gabhar Tá Béarla ag an chaora! From a children's book published by Futa Fata - forget which one. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10493 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 06:25 am: | |
A Shéamais, ar thóg tú an madra tú féin? |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 299 Registered: 10-2009
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 06:35 am: | |
Thógas, canathaobh? 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10494 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 07:23 am: | |
Mar sin, is Gaeilge ón gcliabhán atá aige. Rud a théann leis an méid a dúirt Ailín thuas faoi gadhair gan Ghaeilge a bheith ag teacht isteach! De réir mo thuiscint is é an tuin cainte agus faid na bhfocal an ruda thuigeann an madra. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3688 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 08:19 am: | |
Labhramsa Briotainis agus Fraincis le mo mhadadhsa, ach is é an tuin cainte a thuigeas si, agus a hainm, sin an méid. Nil si rochliste, le firinne :-) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 530 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 09:32 am: | |
I have a neighbour in Corca Dhuibhne who works the dog by whistling. An ligean sé fead as i mBéarla nó as Gaeilge? Níl fhios agam! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3689 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 09:41 am: | |
lol Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10495 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 09:51 am: | |
N'fheadar |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 884 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 12:15 pm: | |
Níl agam ach cat, mar sin is cuma sa diabhal cé acu teanga a labhraím leis. Tá sé ábalta neamhaird a thabhairt orm lán chomh maith i ngach aon cheann atá agam! |
|
The_lilywhites
Member Username: The_lilywhites
Post Number: 22 Registered: 10-2010
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 12:19 pm: | |
Labhraím Gaeilge le mo ghadharsa, cuirim ceist ortha an bhfuil sí ag iarraidh a ghabháil amach nó nach bhfuil agus chuile shórt mar sin. Sin an seans amháin a úsáidim an teanga cé is móite an tIdirlíon. |
|
del_c (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, October 24, 2010 - 10:47 am: | |
Tá Gearmáinis ina úsaid ag a lán daoine sa Iodáil (na Polizia mar shampla), nuair a bhfuil siad ag caint lena mhadraí....b´fheidir go bhfuil na teanga germanic, níos easca go mhadraí. |
|
Hugo
Member Username: Hugo
Post Number: 74 Registered: 09-2008
| Posted on Monday, October 25, 2010 - 11:07 am: | |
Agus tá a fhios ag madaí an bhaile gur Gearmáinis ba ghnách leis an Impire Naofa Rómhánach 'ud a labhairt leis a chapall... (Message edited by Hugo on October 25, 2010) |
|
Hugo
Member Username: Hugo
Post Number: 75 Registered: 09-2008
| Posted on Monday, October 25, 2010 - 12:40 pm: | |
"...lena chapall" ba mhian liom a rá! |
|