Author |
Message |
The_lilywhites
Member Username: The_lilywhites
Post Number: 12 Registered: 10-2010
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 12:39 pm: | |
Bhí mé in Inis Oírr i rith an tsamhraidh oileán beag atá ann in Oileán Árann. Caithfidh mé a rá go bhfuil togha na Gaeilge acab in Árann, Gaeilge bhreá! :-) Cheannaigh mé leabhar beag ins an siopa a scríobh muintir na háite faoi Ghaeilge Inis Oírr sa gcaoi go dtuigfidh foghlaimeoirí níos fearr iad. Bhí sé 3 euro agus déarfainn go mbeadh sé deas leabharín mar seo a fheiceáil do chuile chanúint. Níl aon chóipcheart ag anan leabhar seo níl ann ach leagan clóite le cúpla leathanach! Scríobhfaidh mé an leabharín go hiomlán. Tá go leor rudaí spéisiúla inti! |
|
The_lilywhites
Member Username: The_lilywhites
Post Number: 13 Registered: 10-2010
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 12:50 pm: | |
Seo foclaíocht a úsáidtear san oileán, seans nach bhfuil roint acab le fáil sna hoileán eile fiú: Piaclach = busy Lonnaí = waves Teach ósta = pub Teampall = graveyard Béillí = meal Sráid = land around the house Puincín = nose Deabhadh = hurry Ceann ar n-aghaidh = on purpose Go háirid = anyway Scráib = shower (as in weather) |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 418 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 01:03 pm: | |
piaclach < priaclach teach ósta = focal coitianta ar phub sa Ghaillimh agus bhíodh sé i dTiobraid Árann teampall = reilig, i gCorca Dhuibhne sráid = focal coitianta, i mBéarla na hÉireann leis, "out in the street", timpeall ar thigh puincín < caincín |
|
The_lilywhites
Member Username: The_lilywhites
Post Number: 15 Registered: 10-2010
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 01:06 pm: | |
Sea, chuala mé faoi ''caincín'' freisin fadó ó shoin. Cén áit go baileach a úsáidtear an focal sin? Corca Dhuibhne? |
|
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 7 Registered: 10-2010
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 08:56 pm: | |
caincín if it means a big nose is used in Séadna so is probably good for Muskerry |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10497 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 10:49 am: | |
caincín [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh] srón. There is also geanc [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] caincín beag sciota. |
|