Author |
Message |
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 285 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, October 16, 2010 - 01:09 pm: | |
|
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 396 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, October 18, 2010 - 06:01 am: | |
Gaelainn Mhanann = Gaelainn na hAlban á labhairt le canúint thuaisceart Shasana. Éistíg le taifeadtaí na seanchainteoirí dúchais leithéidí Ned Madrell agus Harry Kelly agus níl a gcanúint sin chomh "Sasanach" céanna in aon chor. Lucht na hathbheochana uile geall leis do, canúint láidir Shasanach athá acu, Brian Stowell, Adrian Cain, etc. |
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 478 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, October 18, 2010 - 11:55 am: | |
Ar chuir scata mór daoine ó chathair Learphoill fúthu ar an oileán soin? Ringo Starr ag labhairt na Gaedhilge :) Séamus Ó Murċaḋa Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 404 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, October 18, 2010 - 12:35 pm: | |
Ní chuir! Ach is ó cuireadh tús le tionscal na turasóireachta san oileán sa naoú haos déag is ea a tháinig meathlú ar an dteangain. Deineadh dhlúthcheangal ideir an t-oileán agus Learpholl a mhaireann i gcónaí sa lá athá inniu ann. Tá canúint Bhéarla an oileáin cosúil go leor le Béarla Learphoill. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10485 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 06:30 am: | |
Cad é sin arís a dúirt an Cadhnach faoin gcéad duine ó Bord Fáilte a chuaigh siar thar Cnoc na Cathrach a chrochadh? (Message edited by aonghus on October 19, 2010) |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 416 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 08:41 am: | |
Bhí teoiric aige Nicholas Williams gurb iad na Lochlannaigh a thug na tréithe "Muimhneacha" leotha go hOileán Mhanann ina gcuid Gaelainne féin, toisc gurb i bPort Láirge agus áiteanna eile fan chósta an deiscirt a dh'fhoghlamaíodar a gcuid Gaelainne. "Jerood" (dearmad) agus béim ar an tara siolla más fada do, etc. atháim a rá. É sin nó bhí muintir na Rinne ag caitheamh "stag weekend" i nDúlais! Turasóirí! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 972 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 11:53 am: | |
Poic. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10487 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 11:56 am: | |
Poic? poc [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] gabhar nó fia fireann; rop adharc; buille ar shliotar; taom tinnis nach bhfuil míniú air (buaileadh poc air). Nó an é nár thuig tú pioc? (Message edited by aonghus on October 19, 2010) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 973 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 02:35 pm: | |
Thuig. Carria nó fia beannach a bhí i gceist agam agus a macasamhail inár measc féin: na poic nó boic a bhíonn ag rancás ar a leithéid de bhuícind. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10489 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 02:43 pm: | |
Tuigim anois. Na poic ar buile... |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 974 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 02:55 pm: | |
agus a bhfearba bíthe |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10490 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 03:04 pm: | |
Tánn tú ró chliste dom: sin nó is duine séimh saonta mé fearb [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] riast nó stríoc ar an gcraiceann mar a d'fhágfadh slat nó cána An ea? Ach táim fós dall. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 975 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, October 19, 2010 - 04:05 pm: | |
Dúr atáimse nach bhfuil a fhios agat. "Fearb" an fia (rua) baineann. Bhíos ag lorg contrárthacht bhaineann an phoic agus is cosúil go bhfuil a leithéid d'fhocal is "fearb" ann. Tá sé ag Ó Dónaill. Tá an chiall "baineann" ag an bhfocal "bíthe" chomh maith is cosúil. Nílimse ach ag iarraidh focail Ghaeilge a chur ag rince ar bóróiricín glioscarnach anseo. Ní file mé agus dá bhrí sin níl de chumas ionam ach abairtí fánacha a scríobh, ceann litir i dtosach agus lánstad ag deireadh agus cibé brí is féidir liom a chur sa chrandaí eatarthu. Ná fiafraigh díom an chanúint lena mbaineann. Canúint an lae inniu de chuid oileán iathghlas Éireann is dócha. Dála an scéil, an mbíonn ár gcara greannmhar Mí-shásta ag scríobh ar láithreán ar bith na laethanta seo? Ba cheart go bhfaigheadh seisean duais Oireachtais as a bhfuil scríofa aige. Léitear a chuid startha siúd ar chaoi ar bith murab ionann is a lán de scríbhinní eile nach bhféadfá dul thar an dara leathanach iontu..... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10491 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 04:00 am: | |
quote:an mbíonn ár gcara greannmhar Mí-shásta ag scríobh ar láithreán ar bith na laethanta seo? Bíonn: http://chetwyndedowns.blogspot.com/ quote:"Fearb" an fia (rua) baineann Maith agat. Is tearc m'eolas, ós jeaicín mé, ar an ndúlra. Is maith liom íomhá na bpoc is na bhfearb, in adharca a chéile gan amhras. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 976 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 10:22 am: | |
Tá focail níos deise do na gabhair. Tharlódh go bhfeilfidis don bhfia freisin: poc -- an ceann fireann minseach -- an ceann baineann mionán -- an rud óg. (níor dheimhnigh mé an litriú dóibhsean) Go raibh maith agat as an treoir chuig Mí-shásta a thabhairt dom. Bainfidh mé sásamh as na sleachta grinn aige a léamh. Dála an scéil ar scaoil sé a ainm saolta le haon duine riamh? Is scríbhneoir den scoth é agus samhlaíocht thar barr aige. Tá an-chumas ann grinn-chur síos (caolchúiseach) a dhéanamh ar shaol ár linne. Ba mhór an trua dá ligfí leá cúr na habhann ar a chuid scríbhinní. Is ceart iad a fhoilsiú i leabhar. Is é Mí-shásta Myles na Gopaleen an lae inniu. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10496 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 10:42 am: | |
quote:Dála an scéil ar scaoil sé a ainm saolta le haon duine riamh? Go bhfios dom, ní dhearna. Tá cuid dá chuid saothar, ó ré Chumaisc, caomhnaithe ag Pádraig Ó Cinnéide http://www.padraig.de/Chetwynde_Downs/chetwynde_downs.html |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 977 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 12:10 pm: | |
Is trua sin ar shlí. Cheannóinn leabhar le Mí-shásta leis an gcíocras céanna is a cheannaínn leabhra Chathail Uí Shandair fadó: Réics Carlo agus an Buama Adamhach; Réamonn Óg, Sirriam. srl. B'fhearr liom iadsan ná an Wizard, Hotspur, Eagle, srl. Gan trácht ar Our Boys agus The Far East (Pudzy Rine nach raibh in ann focail a litriú i "gceart"... [Tá's agam, a Charmanaigh. Bíodh foighne agat. ] Léinn iad go léir. De shíor. Gan stad ná staonadh. Ní raibh an suaimhneasóir leictreach ar an mballa an uair sin. Chaithimis focail a léamh agus na dathanna, na fuaimeanna, tadhall iarann na ngunnaí, agus an boladh a shamhlú inár n-aigne. Dála an scéil arís: meannán atá ag Ó Dónaill ar "kid goat". Ní rabhas rófhada ón sprioc. Tá leaganacha deasa arbh fhéidir a chumadh: "cáis bhainne minsí" mar shampla. An íosfá a leithéid, a Aonghuis? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10501 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 12:18 pm: | |
quote:An íosfá a leithéid, a Aonghuis? Le fonn. Agus é ite agam. Cáis bainne caoirigh chomh maith. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 978 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 01:11 pm: | |
Níor itheas féin iad. Fós. Beidh mé ag faire amach feasta féachaint an mbeidis ar fáil in áit éigin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10502 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 03:35 pm: | |
Táid ar fáil go forleathan sna hollmhargaí. Cás bhainne minsí ana dheas tóstáilte. |
|