mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (November-December) » Archive through November 05, 2010 » Oireachtas na Gaeilge « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 322
Registered: 04-2009
Posted on Monday, October 11, 2010 - 07:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An mó duine agaibh a bheidh ag dul 'on Oireachtas i mbliana?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10439
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 11, 2010 - 07:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuireann sluaite sceon orm. Ní bheidh mise ann ach go háirithe...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Guevara
Member
Username: Guevara

Post Number: 94
Registered: 04-2007
Posted on Monday, October 11, 2010 - 08:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Beidh mé ann ar an Satharn don chomortás Damhsa ar an Sean Nós agus do Chorn Uí Riada a bheas ar siúl ag 7i.n. Tá sé ar intinn againn dul go dtí Cúil Aodha ar an Domhnach -an Gaeltacht is giorra do Chill Áirne.Bhí muid ann don chéad uair anuraidh i Leitir Ceanainn bhí sé craicéailte! Daoine as gach chearn den domhan-Meiriceánaigh, Bhleá Chliathaigh, as Luimneach, an Astráil, na Gaeltachtaí uilig ach go háirid na mílte as Conamara. Rinne mé a lán cairde as oíche amháin- beirt bhan as Contae na h-Iarmhí,fear as Dún na nGall agus fear as Tír Eoghain.Is ócáid iontach é chun cairde a dhéanamh. An rud is fear faoin Oireachtas ná mná Conamara - tá siad thar a bheith tarraingtach!Spéirmhná iad le pearsantacht iontach agus Gaeilge gnéasúil!! Tá rud éicint ann san uisce mar a déarfá.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seamás91
Member
Username: Seamás91

Post Number: 295
Registered: 10-2009


Posted on Monday, October 11, 2010 - 08:30 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tar éis ag léamh an ráiteas san ó Ghuevara, tá orm chun ag dul go dtí an Oireachtas gan amhras.

'mar ná beidh ár leithidí arís ann'
-Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10440
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 11, 2010 - 08:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seachain ná beadh a gcuid eochraí ar bharr duáin acu!

(Message edited by aonghus on October 11, 2010)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1281
Registered: 06-2006


Posted on Monday, October 11, 2010 - 09:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní ghabhfaidh mé ann i mbliana. Ní féidir le m'fhear éalú i lár an téarma scoile agus níor mhaith liom é a fhágáil ag fadú tine leis féin.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10441
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 11, 2010 - 09:22 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nach bhfuil briseadh meán téarma acu san Eilvéis?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1282
Registered: 06-2006


Posted on Monday, October 11, 2010 - 09:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá. Anois díreach atá sé ar siúl, agus an fear bocht á chaitheamh istigh sa mbaile mar gur baineadh an t-aguisín - gabh mo leithscéal, an aipindic - uaidh coicís ó shin.

Scoth an bhanaltranais á fháil aige, ar ndóigh! Cupáin tae á réiteach dó de ló is d'óiche.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 323
Registered: 04-2009
Posted on Monday, October 11, 2010 - 09:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fíor do Guevara. Bíonn báidíní breátha ag an Oireachtas go háirithe ógbhruinnealla TG4. Bheadh fonn ar dhuine a rámh a bhualadh chuige agus buille iomartha a dhéanamh . . . .

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10442
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 11, 2010 - 09:48 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tuigim dhó.

Is diabhalta an rud an putóg chaoch a bheith bainte as duine.

Go raibh biseach luath air...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 324
Registered: 04-2009
Posted on Monday, October 11, 2010 - 10:01 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mar eolas daoibh, bhíos-sa ag brath ar scaoileadh fé Chorrán Tuathail an deireadh seachtaine sin, deireadh seachtaine an Oireachtais ach an uain a bheith fé dhuinn. Tá's agam go bhfuil ceann na siúlóide aníos cheithre éigint míle slí lasmuigh don mbaile taobh le bóthar Thrá Lí. Theastódh cairt chun dul a fhaid leis an áit sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10443
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 11, 2010 - 10:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá na Cnocadóirí ag caint ar shiúlóid a bheith acu ann de hAoine.

(Bhfuil tú cinnte nach bhfuil tús na siúlóide sin rud beag níos faide as Chill Airne?)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 325
Registered: 04-2009
Posted on Monday, October 11, 2010 - 11:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fíor dhuit. Sé míle slí ar a bheag. N'fheadar an mbeid ag tabhairt fé Chorrán Tuathail, ámh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10444
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 11, 2010 - 11:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar éigean é. Siúlóid measartha fada atá i gceist leis sin. Ach b'fhiú duit an chás a fhiosrú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 326
Registered: 04-2009
Posted on Monday, October 11, 2010 - 12:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil sí déanta agatsa?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10447
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 11, 2010 - 02:29 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Scór éigean bliain ó shin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10450
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 11, 2010 - 03:52 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Scór éigean éigin bliain ó shin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 331
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 05:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"an phutóg chaoch"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10455
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 05:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dála an scéil, agus ar eagal na míthuisceana, lomaistriúcháin ar ainm Ghearmáinise an bhaill achrannach coirp siúd atá sa phutóg chaoch.

Níor mhaith liom sibh a chaochadh le cleasaíocht teangain...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 334
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 05:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"ar eagla", "lomaistriúchán" - uatha, "ainm Ghearmáinise an bhaill achrannaigh coirp siúd"

cleasaíocht teangan - ginideach (teangain = tabharthach)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1284
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 08:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní deachaigh do ghreanntaíocht amú orm, a Aonghuis, maidir leis an Blinddarm. Bhí an t-ádh le m'fhear go raibh an focal ceart ar eolas aige roimh dhul ar an ospidéal dó. Bheinn féin i muinín na ngothaí láimhe!

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10458
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 08:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní raibh fhios agamsa céard a bhí cearr liom in aon chor! Bhíos tar éis béile fás aon oíche a ithe: shíl mé gurbh é sin a d'fhág tinn mé, sin agus ragairne.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1285
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 09:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Shíl seisean gur gaoth a bhí ann. Chuaigh sé ag obair dá ainneoin agus b'éigean dá chomhghleacaithe a chur abhaile air ag am lóin gur chóra dó dul chomh fada leis an dochtúir "ar fhaitíos na bhfaitíos".

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10460
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 09:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An dearg-ádh ar an mbeirt againn, mar sin.

Is olc an namhaid an phutóg chaoch, mura dtugtar aird uirthi agus í nimhneach...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Iolann_fionn
Member
Username: Iolann_fionn

Post Number: 6
Registered: 10-2010
Posted on Monday, October 25, 2010 - 06:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceist agam oraibh, a chairde na páirte. Tá sé de rún agam dul chuig an Oireachtas i mbliana den chéad uair riamh, agus tá mé ag brath cúpla cara agam a thabhairt liom, ach níl Gaeilge dá laghad acu, an mothódh siad go hiomlán as áit agus ina n-éin chuideáin dá rachadh siad, níor mhaith liom an deireadh seachtaine a chur amú orthu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1290
Registered: 06-2006


Posted on Monday, October 25, 2010 - 09:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dócha go mothódh. Sí an Ghaeilge teanga na féile - nó mar sin a bhí an scéal nuair a bhí mé ann.

Ach beidh corréan eile le comhluadar a choinneáil leo! Lanúin ón bhFrainc a casadh orm dhá bhliain ó shin: cúpla focal ag an bhfear, gan Ghaeilge ar bith ag an mbean, ach is acu atá an suim sa gceol. Sin a thug ann iad. Bíonn a leithéidí ann gach bliain; níl ann ach iad a aimsiú.

Dá dtiocfainn féin is m'fhear céile liom (duine eile gan Ghaeilge) is dóigh go dtabharfainn liom é oíche amháin nó go bhfaigheadh sé blas air, ach spreagfainn é chun dul amach ag cnocadóireacht nó rud eicínt eile ina dhiaidh sin.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!



©Daltaí na Gaeilge