mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (September-October) » Archive through October 18, 2010 » Moladh ar leabhar simplí? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Acco
Member
Username: Acco

Post Number: 47
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 06:19 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá scéal ormondo (http://ormondo-fon.blogspot.com/2010/10/sa-bh.html) léite agam (phew!!) agus ceapaim gur thuig mé é an "gist". Thaitin an scéal dom. Beagán mall an céad 1/4 agus ansin tapaigh - ach sin mar is scéalta!

Tá misneach agam anois agus ba mhaith liom mo chéad leabhar Gaeilge a léamh. Leabhar simplí beag ar dtosach.

An bhfuil moladh agaibh ar sin?

GRMA, a chairde.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10383
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 06:22 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an oiread sin acu ann! Cén saghas leabhair a bhfuil spéis agat ann?

B'fhéidir go mbeadh ceann de na leabhair d'fhoghlaimeoirí fásta oiriúnach (ach níl aon cheann léite agam)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 248
Registered: 04-2009
Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 06:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá roinnt leabhar ar fáil fé láthair don lucht foghlama ach is fearra cuid acu ná a chéile. Cuireadh Gaelainn ar dhornán leabhartha le Roddy Doyle is daoine eile tamall do bhlianaibh ó shin ach Gaelainn a chodail amuigh athá ina bhformhór. An locht is mó ar an scéal i saol an lae inniu is é go bhfuil an iliomad "aistritheoir" agus "scríbhneoir" agus "file" Gaelainne ag soláthar leabhartha agus gan acu ach Gaelainn na leathchoise. Go deimhin duit, tá fear ar m'aithnese go bhfuil leabhar Gaelainne amuigh aige agus ní mór ná go bhfuil dhá fhocal don dteanga Gaelainne le cur le chéile aige.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10385
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 11:01 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

D'fhéadfá triail a bhaint as leabhar le Joe Steve Ó Neachtain.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Acco
Member
Username: Acco

Post Number: 48
Registered: 04-2009
Posted on Wednesday, October 06, 2010 - 06:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

GRMA, a chairde, Carmanach agus Aonghus.

Leabhar do daoine fásta nach bfuil deacair. Sin ba mhaith liom.

Bainfidh mé triall as leabhar de Joe Steve Ó Neachtain.

An bhfuil gearscéil eile as Gaeilge ar an idirlín? Agus más, cén áit?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10399
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, October 06, 2010 - 06:29 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bíonn stuif ag Panu

http://gaeilgepanu.blogs.ie/

agus gheobhaidh tú rudaí i gcartlann Feasta

http://www.feasta.ie

agus roinnt sleachta ag IMRAM nó ag na Foilsitheoirí

http://www.imram.ie

http://www.coislife.ie



©Daltaí na Gaeilge