Author |
Message |
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 767 Registered: 07-2009
| Posted on Monday, October 04, 2010 - 04:32 pm: | |
I read this and understand it literally, but is it an idiomatic phrase to use it in this sense? The translation is provided in the same book as the sentence. ... agus chuaigh mé a mhúinteoireacht ansin ... ... and I began teaching then ... GRMA. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10379 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 04:13 am: | |
I'd have written "ag múinteoireacht" I suppose it is idiomatic: It suggests the continuous practice of a calling. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 242 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 05:11 am: | |
I suspect that this may be a Conamara thing but I'm not altogether sure. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10380 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 05:17 am: | |
Céard a bheadh agatsa? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 244 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 05:35 am: | |
"Chuaigh sé ag múinteoireacht" a shamhlóinn a déarfadh an Muimhneach. Mura bhfaighidh se a dhóthain raghaidh sé ag sceamhaíol agus má gheibheann sé a sháith ní shásóidh an diabhal é feasta. (AC:56) dúirt sé go mi an chéad duine a chonaic sé ag déanamh coca féir, (GCD:158) chun go dtosnóidh sé ag seimint; so that it will start playing, (GCD:449), Chuas ag cur a tuairisce ina dhia san; I went to find her, ask about her, enquire about her, (CBL:TÓC) Ó Chléire don chéad shampla thuas. Ó Chorca Dhuibhne dos na trí shampla eile. Deir na Bráithre linn go bhféadtar "ag dul a dhéanamh" nó "ag dul ag déanamh a rá" (18.24) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 709 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 11:13 am: | |
Ní rud Chonamara é in aon chor. Tá mé a cheapadh go ndéarfaí rud ar nós 'thosaigh sé ag múnadh / múinteoireacht' nó, b'fhéidir, 'chuaigh sé sna múinteoirí'. Is gnách le muintir Chonamara 'ag VN' a úsáid le cupla briathar aspectual, mar 'téigh, tosaigh, teara'. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr' |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 772 Registered: 07-2009
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 12:37 pm: | |
Is as Gort an Choirce i dTír Chonaill an cainteoir. Seo níos mó comhthéacs: Ach shocraigh mé ansin, cineál de, go bhfágfainn ar feadh ar scor ar bith agus chuaigh mé a mhúinteoireacht ansin agus tá mé ag múinteoireacht ó shin. Cuirim i gcás gur nath cainte é, ach ní fhaca mé cheana é ariamh. Baineann sé úsáid as “ag múinteorieacht”, mar sin, thuig mé an chiall. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10393 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 02:38 pm: | |
Meas tú an botún cló atá ann? Tá roinnt samplaí Ultacha eile sa chorpas: http://corpas.focloir.ie Chuaigh mé a smaointiú ar an am a raibh fir mo bhaile féin i Rann na Feirste ag obair ansin agus ar thug siad cuairt ar an tábhairne seo . -- Pádraig Ó Baoighill, Ceann Tìre/Earraghàidheal Ár gComharsanaigh Gaelacha (Message edited by aonghus on October 05, 2010) |
|
Umpáin (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 11:31 am: | |
Tá an córas seo sa teanga leis na cianta, cé nach maireann sé ach i nGaeilig Thír Chonaill sa lá atá inniu ann. Chluinfeá "Chuaigh sé a bhaint mónadh" agus abairtí dá leithéid i dTír Chonaill inniu. Tuigtear domh go bhfuil samplaí den struchtúr seo fada siar i stair na Gaeilge ach tá "ag" i bhfad níos suntasaí inniu. Tá an struchtúr céanna seo i nGaeilig na hAlban fosta. I gcás ar bith, is é an chiall chéanna atá ann. Tá seo feicthe agus cloiste agam in áiteacha i gConamara fosta ach go bhfuil "ag" i bhfad níos coitianta. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 781 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, October 07, 2010 - 08:54 am: | |
So I put everyone on the chase and I found the answer by accident last night, in the same book I got the sentence: You may have noticed that Cathal says An chéad bhean go ndeachaigh mé a dh’amharc uirthi. This feature of Donegal Irish appears before verbs that imply movement or activity. Dh is prefixed to verbs that begin with a vowel and verbs beginning with a consonant are lenited. Here are some examples from the interviews: • Chuaigh mé a mhúinteoireacht ansin. I began teaching then. • Thosaigh an carr a bhogadh. The car began to move. Speaking Irish, pg. 14 And I found this on Lars’ website (my paraphrase): Other verbs in place of bí: Instead of the verb bí (= to be), there are some other possible forms which convey the the progressive: • A verb of perception or sense: Cloisim tú ag teacht, I head you coming. Feicim an fear ag foghlaim, I see the man learning. (I see the man with learning.) • A verb of motion: Tagann siad ag siúil. They come walking. Often this is used with the infinitive construction of a goal: Tagann sé ag foghlaim Gaeilge. He came to learn Irish. • A verb of beginning/ending/continuation: Thosaigh mé ag ól. I began to drink. The subject of the progressive form comes directly in front of ag. For example, Cloiseann tú Seán ag teacht. You hear Seán coming. Tú = subject of clois. Seán = subject of ag teacht. In Ulster with verbs of motion in the sense of a goal, you often have adh’/a dh’ preceding a vowel, or a preceding a consonant (with lenition). E.g., Tháinig mé a dh’ól. I came to drink. Thanks for your help everyone! I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 475 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, October 07, 2010 - 02:47 pm: | |
Is "a d'iarraidh" another example of this? Séamus Ó Murċaḋa Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 04:38 pm: | |
Is saintréith de chuid Ghaeilge Thír Chonaill é an fhoirmle seo a úsáid briathar gluaiseachta + a + ainm briathartha , seachas ag + ainm briathartha. Cuirtear dh' roimh ghutaí agus f+guta Chuaigh sé a dh'ól Thosaigh sé a dh'imirt Ag dul a dh'fhanacht/dh'fhoghlaim Sílim go dtugtar 'infinitive of purpose' air agus tá trácht ag Dónall Ó Baoill air sa leabhar 'An teanga bheo: Gaeilge Uladh' I nGaeilge Thír Chonaill, déantar idirdhealú idir an dá mhúnla thíos: D'éirigh sé a cheol = He got up to sing agus D'éirigh sé ag ceol = He got up while singing |
|
David Webb from corkirish.com (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 07, 2010 - 03:36 am: | |
>>>... agus chuaigh mé a mhúinteoireacht ansin ... ... and I began teaching then ... ------------------------------------------------- Seán, there are other ways of saying "I began teaching". I think what is really being said is "I went into teaching". The only Munster phrase like this is: do chuas a chodladh. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 321 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, October 11, 2010 - 06:35 am: | |
Good example! Why didn't I think of that?! |
|