Author |
Message |
Teachdorcha
Member Username: Teachdorcha
Post Number: 9 Registered: 09-2010
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 03:43 pm: | |
Ia féidir liom "Táim ag seinm cheol." a rá. Ach conas a deirtear 'I play the piano', 'I played a tune' etc. An bhfuil aon briathair a usáidtear chun ceol a phlé ? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 220 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 03:56 pm: | |
Seinnim an pianó, sheinneas port, bhuaileas port, buailim an pianó, an giotár, etc. Bím ag bualadh ar an ngiotár, ar an bpíb, veidhlín etc. Bím ag seinm/seinnt/seimint ar an bpianó. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 221 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 04:10 pm: | |
Deirtear "ceol a chasadh" leis. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 222 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 04:13 pm: | |
"Amhrán a rá" a deirtear i gCúige Mumhan. "Abair stéibh d'amhrán dúinn". Bíonn muintir Chonamara "ag fonnadóireacht" agus bíonn iomrá ar "fhonnadóirí" móra Chonamara. Bíonn na Connachtaigh "ag gabháil fhoinn" ("góilín") leis. N'fheadar cad é athá ges na hOllthaigh. |
|
Teachdorcha
Member Username: Teachdorcha
Post Number: 10 Registered: 09-2010
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 04:25 pm: | |
Tá rogha mór ann - go raibh maith agat. Seinnim féin an giotar agus an t-orgán béil (ceol tradisiúnta nó beagnach aon stíl eile). Is dócha go bhfuil roinnt maith cheoltóirí eile anseo? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 223 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 05:17 pm: | |
"rogha mhór" - ainmfhocal baininscneach is ea "rogha". "roinnt mhaith ceoltóirí" - roinnt = ainmfhocal baininscneach, séimhítear túschonsan aidiachta ina dhiaidh. roinnt = ainmfhocal cainníochta. Ní séimhítear túschonsan ainmfhocail a leanaíonn é. |
|
David Webb from corkirish.com (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, September 29, 2010 - 04:15 pm: | |
Yes, amhrán a rá. But what about amhrán a ghabháil? |
|