Author |
Message |
Liamolaighin
Member Username: Liamolaighin
Post Number: 1 Registered: 04-2010
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 06:08 pm: | |
Táim ag múineadh amhraineachta i scoil lán Gaelainne. Ba bhrea liom na daltaí a spreagadh le liricí d'amhráin nua-aimseartha seachas na sean-chinn an t-am ar fad. Gan amhras taim tar éis teacht ar roinnt ach ma ta aon rud aistrithe go Gaelainne nó aon rud a chum tú féin do cheol cailiúl beinn buíoch as. |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 60 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 11:15 pm: | |
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10352 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 03:43 am: | |
|
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 211 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 06:22 am: | |
A Liam, "ag múineadh amhránaíochta" "scoil lán-Ghaelainne" "na seanchinn" "táim" "aistrithe go Gaelainn" "do cheol cáiliúil" "bheinn buíoch as" Tabhair aird ar leith ar an leitriú agus ar an ngramadaigh. Dálta an scéil, tá amhráin nuatha scríte aige Tadhg Mac Dhonnagáin do leanaí scoile is dócha. A. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10353 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 06:57 am: | |
quote:tá amhráin nuatha scríte aige Tadhg Mac Dhonnagáin do leanaí scoile is dócha. Ní dóibhsean amháin! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3630 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 07:20 am: | |
quote:seachas na sean-chinn an t-am ar fad. ta na céadta (milte féin) amhran traidisiunta, agus caithfidh nach bhfuil moran acu ag do phaisti scoile... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10354 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 07:26 am: | |
Is fíor dhuit a Lughaidh; ach tá sé fiúntach amhráin dea scríofa faoi saol an lae inniu a mhúineadh do ghasúir. Tá a leithéidí ann; agus tá Tadhg ag tús cadhnaíochta sa réimse sin ( www.futafata.com) Go deimhin, nascann sé sean agus nua le chéile. A Liam, mura bhfuil sé agat cheana, b'fhiú duit an pacáiste seo d'fháil Tídil Eidil Éró Amhránaíocht Thraidisiúnta don Aos Óg http://www.oidhreacht.ie/foilseachain.asp (Message edited by aonghus on September 28, 2010) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3631 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 07:58 am: | |
quote:Is fíor dhuit a Lughaidh; ach tá sé fiúntach amhráin dea scríofa faoi saol an lae inniu a mhúineadh do ghasúir. na hamhrain a theaghasctar do na paisti sa Fhrainc, ni doigh liom go bhfuil siad uilig nua-aimseartha. Na cinn a d'fhoghlaim mise (agus ta mé 31) cha rabh siad bainteach le saol an lae inniu go speisialta... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10355 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 08:14 am: | |
Bhuel, bíonn an dá rud ann sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis. Agus "uilig" an eochair, sílim; ba cheart an dá rud a bheith ann - na cinn traidisiúnta, agus na cinn nua. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 214 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 09:24 am: | |
A Aonghuis: "amhráin dhea-scríofa faoi shaol an lae inniu". "na cinn thraidisiúnta", "amhráin dhea-scríofa" - séimhiú. Ainmfhocail fhirinscneacha dar críoch consain chaola, is gnáthach go séimhítear consan tosaigh aidiachta a leanaíonn iad. dea- bíonn fleiscín ar a lorg i gcónaí toisc gur réimír é. NOD: ní gnáthach in aon chor sa Ghaelainn aidiachtaí a theacht roimis an ainm, agus is ar an abhar san a deintear réimíreanna don ndornán beag gur mar sin doibh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10356 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 09:31 am: | |
Dea-chomhairle uait mar is iondúil. Is eagal liom gur ghlac mé col leis an bhfleiscín bocht i'm óige, agus ním faillí ann ó shin.... |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 215 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 09:49 am: | |
Ba cheart dom a rá nach de thoisc é a bheith ina réimír a bhíonn fleiscín ar a lorg ach gur réimír é go leanaíonn fleiscín é i gcónaí. Feachaíg go bhfuil réimíreanna eile ná leanaíonn fleiscín iad más consan athá ar a lorg; droch, mar shampla: "drochbhéal" agus ní hé "droch-bhéal" a scrítear. "ródhaor" agus ní hé "ró-dhaor". |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 752 Registered: 07-2009
| Posted on Tuesday, September 28, 2010 - 10:33 pm: | |
quote:Go deimhin, nascann sé sean agus nua le chéile. Aontaím leat. Tá sé traidisiúnta a thógáil ar thraidisiúin. (Message edited by seánw on September 28, 2010) I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|