Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10324 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 23, 2010 - 04:35 pm: | |
http://www.bbc.co.uk/irish/video_audio/player/712/gaeilge/ Audio with transcript quote:Sa chlár seo insíonn John an scéal faoin Óige, An Saol Mór agus an Bás. Is sraith speisialta í seo ina labhraíonn Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10325 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 23, 2010 - 04:36 pm: | |
|
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 54 Registered: 05-2010
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 05:18 am: | |
bhfuil na cláracha seo ar fáil ar phodchraoladh ? ba mhaith liom iad a chur ar mo ipod. Cósuil leis na rudaí ar TG4 , Rónán Beo mar shampla .... |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 316 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 05:36 am: | |
Mar a déarfadh an teangeolaí Gearmánach i gCorca Dorcha, caithfidh gur Gaeilge mhaith í sin mar tá sí beagnach dothuigthe ;-) Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10326 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 06:08 am: | |
Ceist do Aintín Beeb í sin, a Shneachta |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 55 Registered: 05-2010
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 07:30 am: | |
An áit a n-ólann an t-uan an bainne le John Ghráinne , bhfuil baint idir an leabhar agus na dlúthdhioscaí seo agus na cinn atá i nasc s'agatsa Aonghus ? bhfuil an leabhar seo ag duine ar bith ? |
|
Sneachta
Member Username: Sneachta
Post Number: 56 Registered: 05-2010
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 07:33 am: | |
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10327 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 07:42 am: | |
Tá's agam go bhfuil leabhar agus dlúthdhioscaí déanta aige, ach níl siad agam. Gach seans gur leagan den scéal chéanna atá i gceist. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3619 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 07:46 am: | |
quote:An áit a n-ólann an t-uan an bainne le John Ghráinne , bhfuil baint idir an leabhar agus na dlúthdhioscaí seo agus na cinn atá i nasc s'agatsa Aonghus ? bhfuil an leabhar seo ag duine ar bith ? Níl baint ar bith eatartha, ach amháin gurb é John Ghráinne a labhras ins an dá rud. Bí cúramach, Gaeilg Uladh, ie. neamhchaighdeánach atá ann. Sin a' Ghaeilg is fearr :-) quote:Mar a déarfadh an teangeolaí Gearmánach i gCorca Dorcha, caithfidh gur Gaeilge mhaith í sin mar tá sí beagnach dothuigthe ;-) D'úrt John Ghráinne féin : "Sílim go mairfidh an Ghaeilg ach ní thuigfidh mé í". Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 187 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 08:15 am: | |
|
|
Hugo
Member Username: Hugo
Post Number: 67 Registered: 09-2008
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 09:05 am: | |
Ní "sláinteolaí déadach" atá ag focal.ie ar "dental hygienist" ach "sláinteolaí fiacla". |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 192 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 09:25 am: | |
Athraíodh san idirlinn é, déarfainn! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10332 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 09:27 am: | |
Is cosúil go bhfuil an téarma leasaithe ó shin, mar sin. Ach níl ann ach sampla - tá a lán fírinní san aiste úd. Is deacair réimse na Gaeilge a fhairsingiú nuair nach bhfuil cainteoirí dúchais ag dul i ngleic le réimsí nua as Gaeilge, seachas as Béarla. Ceist chigilteach cén leigheas atá ar sin, agus ceist achrannach. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3623 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 11:43 am: | |
Da mbeadh cuma nios nadurtha ar na focla ura, is féidir go n-usaidfeadh na cainteoiri duchais iad... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10335 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 11:47 am: | |
Is féidir, gan amhras. Ach sílim gurbh é croí na ceiste nach bhfuil cainteoirí dúchais ag caint faoi na hábhair seo i nGaeilge (nó in aon chor, b'fhéidir). Mar sin, níl focail nádúrtha ag teacht chun cinn. Fágtar faoi na scoláirí agus na haistritheoirí iad a chumadh. Agus níl aon modh nádúrtha an t-eolas sin a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne. Seachas, b'fhéidir, tríd na scoileanna. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3624 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 12:00 pm: | |
Ach amannai cumann muitir na Gaeltachta focla Gaeilge leis na rudai ura sin a dh'aistriu. Agus nil a fhios ag an Choiste Téarmaiochta! Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 705 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 12:07 pm: | |
quote:Ní "sláinteolaí déadach" atá ag focal.ie ar "dental hygienist" ach "sláinteolaí fiacla". Ní fíor sin, tá an dá leagan le fáil ann fós: link Ach ina dhiaidh sin féin, moltar gan an leagan 'sláinteolaí déadach' a úsáid, mar a fheictear anseo: link 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr' |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10336 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 12:15 pm: | |
quote:Agus nil a fhios ag an Choiste Téarmaiochta! Conas a bheadh, mura ndeirtear leo é? Leis an idirlíon, tá sin níos fusa anois: http://santacruznagreine.wordpress.com/2009/12/28/smutronta-abu/ Is féidir moltaí a chuir ar aghaidh tríd focal.ie |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 950 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 01:33 pm: | |
Tá an aiste úd léite agam agus tá ar intinn agam é a léamh arís agus arís eile. Aontaím le cuid mhaith dá bhfuil ann agus ní aontaím le cuid eile. Maidir leis na haistriúcháin ní fíor nach bhfuil ar chumas aistritheoirí gairmiúla Gaeilge thraidisiúnta a chur ar chora cainte an Bhéarla. Ach oiread le gairm ar bith eile tá cuid mhaith acu ar fheabhas. Maidir leis an aitheantas a tugadh don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ní ceart dearmad a dhéanamh den omós a tugadh do lucht labhartha na teanga agus do na leanaí atá á dtógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Cad é an dearcadh a bheidh acusan ar a dteanga féin? An fearrde a ndearcadh an stádas idirnáisiúnta a bheith ag an nGaeilge? Cé mhéid daoine a tógadh i gCois Fhairrge a bhain céim sa Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe? Cé mhéid cainteoirí dúchais ón bhfíor-Ghaeltacht atá fostaithe i ngeall ar an teanga a bheith ar eolas go maith acu? Tá an-chlaonadh i ndaoine áirithe breathnú ar an gcuid is duairce de scéal. Fág Hector agus Manchan as an áireamh. Cad faoi Mháirtín Tom Sheáinín? Eimear Ní Chonaola? Clabhtaí? Mac an Adhastair? Cliar C U Burn? Tá togha na Gaeilge le cloisteáil ar TG4 agus ar Raidio na Gaeltachta. Idir na meáin, an córas oideachais, agus gairm an aistritheora tá postanna, postanna, postanna ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. Ní gá bheith dubhach gruama faoina bhfuil i ndán don teanga s'againne. Cinnte dá bhféadfaí slat draíochta a imirt ar mhaithreacha na Gaeltachta a thabharfadh orthu Gaeilge a labhairt lena bpáistí bheadh éacht déanta. Dhéanfaidis é dá ndéanfaí treisiú ar stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht féin. Is fánach an áit ina bhfaighfeá breac agus cá bhfios d'éinne cad a rachadh i gcion ar an aos óg chun iad a spreagadh a bheith dilis do theanga a sinsear. Ach is leor sin. Ní gá daoibh an dí-fhostaíocht agus an imirce a lua. Tá siadsan i m'aigne-se freisin ach oiread leat féin. Bímis dóchasach suairc. Ná cuirtear cosc le foghlaimeoirí. Ná bíodh an Ghaeilge ina teanga do-fhoghlamtha. Ná tugtar leithscéal diúltú di sa chóras oideachais ná sa stáitseirbhís. Is í an chuid is tábhachtaí dár n-oidhreacht í. Sin mise agus an sean-deilín agam. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3625 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 25, 2010 - 08:15 am: | |
quote:Conas a bheadh, mura ndeirtear leo é? b'fhéidir, ghabhail 'na Gaeltachta agus ceist a chur ar mhuitir na haite... quote:Tá togha na Gaeilge le cloisteáil ar TG4 agus ar Raidio na Gaeltachta. ta, agus droch-Ghaeilg fosta, rud nach ceart a bheith ann. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 951 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, September 25, 2010 - 09:25 am: | |
Lughaidh, an bhfuil meas ar bith agat ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge? An dóigh leat go gcaithfidh siad a bheith ina dtost ar fad? Tá os cionn 1,250,000 díobh ann. Sár-Ghaeilge gan cháim ag cuid mhaith acu agus gan mórán ag cuid eile. Aontaím leat gurbh fhearr dá mbeadh scoth na Gaeilge ag gach aon chraoltóir ach caithfear aitheantas agus fostaíocht a thabhairt don lucht foghlama. Tiocfaidh feabhas orthu le cleachtadh. Dá mbeadh an staid chéanna sa Bhriotáin cad a déarfá? Ar mhaith leat go bhfoghlaimeodh "strainséirí" an Bhriotáinis? Nó arbh fhearr leat go leanfadh an teanga sin uirthi ag dreo is ag meath? Tá's agam an rogha a dhéanfainnse. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3626 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 25, 2010 - 09:44 am: | |
quote:Lughaidh, an bhfuil meas ar bith agat ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge? Ta, cad chuighe? quote:caithfear aitheantas agus fostaíocht a thabhairt don lucht foghlama. Tiocfaidh feabhas orthu le cleachtadh. Ansin nil mé 'labhairt fa fhoghlaimeoiri a chluinfi in agallaimh, ach ar chraoltoiri nach bhfuil Gaeilg mhaith acu agus i dteangaidh ar bith eile cha bhfostochai iad i raidio... quote:Dá mbeadh an staid chéanna sa Bhriotáin cad a déarfá? ta sé nios measa anseo, mar nach gcluintear ach fiorbheagan cainteoiri duchais ar an raidio agus ar an teilifis. Droch-Bhriotainis ag an chuid is mo do na daoini a chluintear ins na meain. quote:Ar mhaith leat go bhfoghlaimeodh "strainséirí" an Bhriotáinis? ba mhaith agus ta cuid mhaith acu ann cheana féin (agus le fada) agus le firinne, is minic a bios Briotainis i bhfad nios fearr ag na foghlaimeoiri as tiorthai eile, na ata ag foghlaimeoiri as a' Bhriotain no as a' Fhrainc ar an iomlan... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 952 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, September 25, 2010 - 10:26 am: | |
Táimid ar aon aigne mar sin. Go raibh maith agat. Éistim le Raidió na Gaeltachta gach lá agus is annamh a chloisim droch-Ghaeilge ó dhuine ar bith. Ar TG4 bíonn leithéidí Hector agus Manchan air uair uma seach ach bíonn neart eile a mbíonn scoth na Gaeilge acu. Bímse buíoch de lucht an Bhéarla sa tír, na cáin-íocóirí i gcoitinne, a íocann as TG4 agus bheadh drogall orm an cainéal a cháineadh. Is maith ann é. Tá brón orm faoi staid na Briotáinise. B'fhearrde lucht na mion-teangacha uilig dá dtabharfadh na stáit mhóra tacaíocht dóibh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10337 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 25, 2010 - 11:41 am: | |
Ní ionann, dar liom, critic agus cáineadh. Tá rudaí fónta, drochrudaí, agus rudaí a d'fheadfaí a fheabhsú ag baint le TG Fóir. Is fearr iad a phlé go hoscailte. quote:ghabhail 'na Gaeltachta agus ceist a chur ar mhuitir na haite... Is ar iarratas a fheidhmíonn an Coiste; ní dream iad a bhfuil ar a gcumas taighde neamhspleách a dhéanamh. http://www.gaeilge.ie/ForasnaGaeilge/An_Coiste_Tearmaiochta.asp Níl ach beirt fostaithe i mbun na hoibre seo. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3627 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 25, 2010 - 02:06 pm: | |
Tuigim anois... :-) Mor an naire é. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 198 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 05:18 am: | |
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10340 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 08:55 am: | |
Ana aiste. quote:Mar ní mhairfeadh an Béarla gan teibíocht. Agus is í a thachtfaidh an Ghaeilge sa deireadh thiar. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3628 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 10:09 am: | |
Iontach maith... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|