mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (September-October) » Archive through October 02, 2010 » Tchím, arís (d'Ailín agus saoithe eile) « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10322
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, September 23, 2010 - 04:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sampla ultach eile

quote:

Nuair a bhí an t-athair fada go leor ag gabháil dó, ghléas Donnchadh air agus chuaigh sé a fhad leis an tsagart ba chóngaraí dó agus d’inis sé a scéal.

‘Tchím, a Dhonnchaidh’, ar seisean, ‘tá do chás an-chruaidh ach ní thig liomsa aon chineál maith a dhéanamh duit’.



http://www.feasta.ie/2007/feabhra/alt4.html

quote:

Seo an chéad scéal sa Leabhar ‘Ó Cadhain i dTír Chonaill — Béaloideas na Gaeltachta’. Is cnuasach é seo a d’athscríobh Pádraig Ó Baoighill: chuir sé eagar ar thaifeadadh a rinne sé féin agus Máirtín Ó Cadhain do Scéalaithe Ghaeltacht Thír Chonaill i 1957


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10323
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, September 23, 2010 - 04:32 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Agus ceann eile

quote:

“Chuaidh sé amach,” arsa an Reachtaireach. “Dubhairt
sé gur thirm an chlúid teach an dlighidh ag daoine a bhéadh
ag cainnt ar fhilidheacht. Agus bhéinn fhéin leis, maise, ach
gur mhaith liom fanacht go n-iarrainn oraibh gan bheith ró-
throm ar an tsompla príosúnaigh seo.”

“Tchím,” arsa an breitheamh; “agus tá an deagh-ghuth
in do bhéal, a Antoine. Ní bhéidh mé ró-throm air.
I ndiaidh na fiadhnaise a tugadh ina éadan indiu, ní thig
leis mórán dochair a dhéanamh feasta. Cuirfidh mé go
príosún Ailt na Lach é, agus leigfear a cheann leis, an lá
céadna a leigfear amach an t-Ollamh De Geabairlín.”



http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/leigh/feachail.txt

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3620
Registered: 01-2005


Posted on Friday, September 24, 2010 - 07:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cad é an fhadhb? Deireann achan nduine "tchím" in Ultaibh, agus deirtear foirm chosúil leis i Mumhain, in Albain agus i Manainn. Le fírinne, is í an t-aon áit amháin nach n-úsáidtear é Connachta (cuid dó)...

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10328
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 24, 2010 - 07:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhíomar ag plé na ceiste an féidir "Tchím" a rá leis an ciall "Tuigim"

Sílimise gur féidir, agus gur mar sin atá sé in úsáid sna sleachta thuas.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3621
Registered: 01-2005


Posted on Friday, September 24, 2010 - 08:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ok, ta cupla sompla sa doigh sin in Tobar na Gaedhilge fosta, i nGaeilg Uladh, as téacsannai scriofai ag scribhneoiri (cainteoiri duchais).

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 188
Registered: 04-2009
Posted on Friday, September 24, 2010 - 08:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agaibh as na samplaí sin. Bhí dearúd orm is léir. Ach a Lughaidh, cé na samplaí do "cím" agus ciall "tuigim" leis, athá agat ó Chúige Mumhan? An bhféadfadh gur Ollthachas é?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10329
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 24, 2010 - 08:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Ollthachas



Tá na Conallaigh gach áit, is léir!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3622
Registered: 01-2005


Posted on Friday, September 24, 2010 - 08:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Go raibh maith agaibh as na samplaí sin. Bhí dearúd orm is léir. Ach a Lughaidh, cé na samplaí do "cím" agus ciall "tuigim" leis, athá agat ó Chúige Mumhan? An bhféadfadh gur Ollthachas é?



Ba dh'i an fhoirm a bhi i gceist agam, chan an chiall a théid léithe.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Carmanach
Member
Username: Carmanach

Post Number: 189
Registered: 04-2009
Posted on Friday, September 24, 2010 - 08:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl aon argóint againn mar gheall ar fhoirm an fhocail ach a chiall, a Lughaidh. Sin é an cheist atháim a chuir anso. An ndéarfadh cainteoir maith dúchais Gaeltachta i gCorca Dhuibhne, abair, "Cím" agus ciall "tuigim" aige leis?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 10330
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 24, 2010 - 08:53 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

An ndéarfadh cainteoir maith dúchais Gaeltachta i gCorca Dhuibhne, abair, "Cím" agus ciall "tuigim" aige leis?



Ní dóigh liom é. Chaitheas súil ar ball ar an gcorpas.

http://corpas.focloir.ie

Ní fhaca mé sampla ar bith de chím sa chiall sin.

(Message edited by aonghus on September 24, 2010)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

David Webb from corkirish.com (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, September 23, 2010 - 10:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aonghus, you can't say "d'Ailín agus saoithe eile". That is because the preposition has to be repeated before each noun it governs in Irish: d'Ailín agus do shaoithibh eile

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 751
Registered: 07-2009


Posted on Saturday, September 25, 2010 - 09:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Faoi dhó anseo, sílim:

http://downloads.bbc.co.uk/irish/ceann_dubhrann7.html
quote:

Ach má bhím i mo shuí ag cos na leapa, thíos ar íochtar na leapa, thig leat an duine sin a leigheas. Níl mé ag iarraidh ort gan é á dhéanamh. Leigheas an duine sin.’
‘Tchím,’ arsa an Cearrbhach. ‘Tá mé breá sásta den mhargadh sin.’


I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.



©Daltaí na Gaeilge