Author |
Message |
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 437 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, September 21, 2010 - 09:45 pm: | |
Bhí fear agus a bhean ag ithe i mbialann. Go tobann, tháinig cailín isteach. Phóg sí an fear agus d'fhiafraigh sí: "An mbuailfimid le chéile anocht?" "Buailfimid, ar ndoigh!", dúirt an fear agus chuaigh sé ar ais ar a mhin. D'imigh an cailín. Bhí fearg ar an bhean. "Cé atá intí?", d'fhiafraigh sí. "Mo bhanchara atá intí". "Banchara! Ceart go leor, tá colscaradh de dhíth orm, anois díreach!" "Ní fhéidir liom thú a bhacadh air, ach smaoinigh air go cúramach. Má téann tú dá dhéanamh, ní bheidh béascna macnasach nó turais i bhFraince, i Seapáin, nó i Meiriceá sa todhchaíoch." Bhí siad ag ithe ina dtost ar feadh scaithimh. Tháinig comhpháirtí an bhfear isteach le cailín. D'fhiafraigh an bhean: "Cé atá intí? An cailín a bhfuil ann, leis an comhpháirtí duit?" "A bhanchara atá intí." Bhí an bhean ina tost ar feadh cúpla soicind. "Tá ár gceann-na níos áille", dúirt sí. (Message edited by curiousfinn on September 21, 2010) Tine, siúil liom! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10301 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 03:59 am: | |
Go deas; ach seo focal níos fear duit ná banchara - leannán: |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 740 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 11:19 am: | |
Thig leat baint úsáide as girseach fosta. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10308 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 11:23 am: | |
"Girseach" sin cailín ar bith. Níl caidrimh le tuiscint as. girseach [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] cailín óg. Is fíor áfach go n-úsáidtear mo ghirseach/mo chailín do "my girlfriend", ach .... |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 741 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 12:44 pm: | |
Tá an téacs comhráiteach. Thig leis an duine baint úsáide as sa Tuaisceart: Bhfuil girseach ar bith agat? (Message edited by seánw on September 22, 2010) (Message edited by seánw on September 22, 2010) I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10311 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 02:51 pm: | |
Tá, an freagra a bheadh agamsa - iníon amháin! (Message edited by aonghus on September 22, 2010) |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 744 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 03:10 pm: | |
Hmm. Ceart go leor. Cailín ... girseach ... tímse anois. Ní deas atá siad ag teacht dá gcéile. (Message edited by seánw on September 22, 2010) I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 173 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 03:33 pm: | |
Tuigimse anois = I see/understand now! Tchímse/Címse/Feicimse = I see (with my eyes) Mo chailín = my girl, my girl-friend (Ó Dónaill) |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 745 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 03:41 pm: | |
Tímse sin anois fosta, uh ... tuigimse sin anois fosta. www.irishdictionary.ie faoi see see = vi (understand) feic Hmmm ... (Message edited by seánw on September 22, 2010) I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10314 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 04:00 pm: | |
Feictear dom go bhféadfá chím a úsáid sa chiall sin. (Féach uimhir 2 ag Ó Dónaill faoi feic) Thiocfadh áfach go bhfuil Ailín cruinn arís. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 174 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 04:01 pm: | |
www.irishdictionary.ie - níor airíos trácht riamh air nó gur luais liom é. N'fheadar an bhfuil aon údarás leis, ámh. Is iad foclóir an Dálaigh agus an Duinnínigh na foclóirí is barántúla cruinne amuigh. Níl an chiall san, siod é, cím = tuigim, ag ceachtar acu, agus in éagmais aon fhianaise eile ar a mhalairt, tá an dealramh ar an leagan cím/feicim = tuigim gur Béarlachas é. Mar athá ráite cheana agam anso, bí ar t'aire ar aon ní a cítear agus a maítear ar an idirlíon! |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 746 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 04:09 pm: | |
Tig www.irishdictionary.ie as foclóir Collins den chuid is mó. GRMA as an mholadh. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 175 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 04:15 pm: | |
A Aonghuis, Ní hionann ar aon chor a bhfuil ag an nDálach fé mír 2 aige agus an rud atháimid a phlé anso! Siod é, an saorbhriathar caite + do + ainmní agus brí eile ar fad athá leis: cítear dhomsa go bhfuil lúb ar lár ina thuairim = seems to me, appears to me, that, I think, that . . . |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 176 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 04:18 pm: | |
Cad é an foclóir athá aige Collins? Collins Gem? Ní déarfainn gur foclóir róbharantúil é sin, áfaigh. Nách chun daltaí scoile é sin? Ag an nDálach agus ag an nDuinníneach athá údarás sa cúrsaí seo. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 747 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 04:27 pm: | |
quote:Collins Gem Tá. quote:Ag an nDálach agus ag an nDuinníneach athá údarás sa cúrsaí seo. Cinnte. Tá Collins in aice mo láimhe. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10315 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 04:29 pm: | |
Tá roinnt samplaí ag Séamus 'ac Grianna Iad seo, mar shampla tchím Séamus 'ac Grianna: Micheál Ruadh 4 - 4 as 4: abairt 833, ag toiseacht ar lch 40, líne 8 ‘Bhail, tchím,’ ar seisean, ‘níor chabhair ar bith mise duit dá mbéinn annsin féin. tchím Séamus 'ac Grianna: Nuair a Bhí Mé Óg 26 - 26 as 33: abairt 3934, ag toiseacht ar lch 194, líne 13 “Tchím,” arsa mo mháthair. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 177 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 04:50 pm: | |
Ach ní hionann san is a rá nách Béarlachas a leithéid ach d'fhéadfadh gur don Ultachas é. Cad é athá roimis an tara habairt sin a luais? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 178 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 05:02 pm: | |
Tá so ag Mac Cionnaith fé "see": I saw, understand, realised, that he was right; thuigeas go raibh an ceart aige (Mumhain, Connachta). Níl aon tsampla eile a bhainis le habhar aige ach chuardaíos "understand" leis féach an ngeobhainn "feicim" ar "understand" ach níl aon ní dá shamhail aige. Ceist eile: an ndéarfadh duine "An gcíonn tú leat me?" |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 179 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 05:10 pm: | |
ad-cí ag DIL, tá so: (b) Of mental processes perceives, discerns, realizes N'fheadar áfaigh ab ionann na samplaí a tugadh agus leithéid "Tuigim cad é atánn tú a rá" agus "An dtuigeann tú leat me?" http://dil.ie/results-list.asp?mode=BAS&Fuzzy=0&lang=en&searchtext=%20see%20(English)&findlet=+&findcol=&sortField=ID&sortDIR=65602&respage=0&resperpage=10& bhcp=1 |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10316 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 23, 2010 - 04:00 am: | |
quote:Cad é athá roimis an tara habairt sin a luais? Caithfidh mé tochailt a dhéanamh arís, agus "Key word in context" a úsáid seachas abairtí iomláine. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 183 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, September 23, 2010 - 05:26 am: | |
Cén áit? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10318 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 23, 2010 - 06:54 am: | |
|
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 438 Registered: 08-2008
| Posted on Thursday, September 23, 2010 - 01:02 pm: | |
GRMA, a chairde - Ní raibh a fhios agam go bhfásann cosa ar mo snáth. An bhfuil ceart agam? Banchara = cara bainínscneach, bean óg nó sean, gan a bheith de riachtanas craiceann a bualadh léi ??? Leannán = cailín a tógtar le cois mná (nó fir) chéile, agus is dócha go buailtear craiceann léi ??? Girseach = iníonn ??? Tine, siúil liom! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10321 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 23, 2010 - 03:26 pm: | |
Leannán = bean nó fear a bhfuil caidreamh collaí agat leo Girseach = cailín óg Ach dá gcuirfí ceist orm an bhfuil girseach agam, shamhlóinn gurbh ag fiafraí faoi m'iníon a bhíothas. Níor chuala ná níor léigh mé an leagan banchara riamh. @Ailín Níl teacht éasca agam ar an abairt roimh Tchím thuas - níor thug KWIC an toradh a bhí uaim dom. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 191 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 08:58 am: | |
banchara - lady friend (Ó Dónaill) Ní gá ins gach aon chás go mbeadh caidreamh collaí ag duine le "leannán". Féachaíg Ó Dónaill mar a bhfuil "leannán na bhfilí, the poets' favourite (patron)". Déarfainn gur dóchúla do dhuine "m'iníon" a rá do rogha ar "mo chailín" dá mba ag caint ar a iníon é. Tugaíg d'úr n-aire, leis, gur bean óg aonta is ciall do "cailín" ó dheas. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10331 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 09:03 am: | |
quote:Déarfainn gur dóchúla do dhuine "m'iníon" a rá do rogha ar "mo chailín" dá mba ag caint ar a iníon é. Cinnte: an cheist ná cén chiall a bhainfí as "An bhfuil girseach agat?" quote:aonta Cén chiall atá ag aonta anseo? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 193 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 09:28 am: | |
Bhuel, bheadh san do réir chiall na ceiste ag an té athá á chuir: "An bhfuil girseach agat (nó an buachaillí ar fad iad do chlann)?" aonta - single |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10333 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 09:37 am: | |
Nach mbíonn cailín aonta i gcónaí? Nó mar a deirtear sa Ghearmáinis Alle Mädchen hier auf Erden Wollen gerne Weiber werden |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 194 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 09:42 am: | |
Is fíor dhuit! |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 195 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 09:43 am: | |
. . . ach féach gur "bean óg aonta" a dúrtsa! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10334 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 24, 2010 - 09:46 am: | |
Is fíor dhuitse... Táimid aontaithe arís[t] |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 439 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 08:17 pm: | |
GRMA a chairde... An bhfuil botúin comhréire (srl) sonraíocha i mo théacs? Tine, siúil liom! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3629 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, September 27, 2010 - 10:35 pm: | |
Bhí fear agus a bhean ag ithe i mbialann. Go tobann, tháinig cailín isteach. Phóg sí an fear agus d'fhiafraigh sí: "An mbuailfimid le chéile anocht?" "Buailfimid, ar ndóigh!", dúirt an fear agus chuaigh sé ar ais ar a mhin. D'imigh an cailín. Bhí fearg ar an bhean. "Cé atá ann?", a d'fhiafraigh sí. "Mo chailín atá ann". "Do chailín! Ceart go leor, is mian liom colscaradh, anois díreach!" "Ní féidir liom thú a bhacadh air, ach smaoinigh air go cúramach. Má dhéanann tú é, ní bheidh béascna macnasach (???) ná turas chun na Fraince, ná chun na Seapáine, ná go Meiriceá sa todhchaí." Bhí siad ag ithe ina dtost ar feadh scaithimh. Tháinig comhpháirtí an fhir isteach le cailín. D'fhiafraigh an bhean: "Cé atá ann? An cailín sin atá le do chomhpháirtí?" "A bhanchara atá ann." Bhí an bhean ina tost ar feadh cúpla soicind. "Tá ár gceann-na níos áille", a dúirt sí. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 440 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, October 04, 2010 - 07:08 pm: | |
GRMA a Lughaidh! Gabh mo leithscéal do mo fhreagairt mhall, táim gafa le obair. Féicim go bhfuil cúpla "a" a rinne mé dearmad ar... Ab ceart go bhfuil "a" san abairt sin freisin? "Buailfimid, ar ndóigh!", dúirt an fear agus ... Rudaí eile... béascna macnasach (???) Luxurious lifestyle... D'fhiafraigh an bhean: "Cé atá ann? An cailín sin atá le do chomhpháirtí?" "A bhanchara atá ann." Nó a chailín? Tine, siúil liom! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3650 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 04, 2010 - 09:55 pm: | |
quote:Ab ceart go bhfuil "a" san abairt sin freisin? "Buailfimid, ar ndóigh!", dúirt an fear agus ... Seidh chuirfinnse "a" leis fosta : a dúirt an fear. Dála an scéil is fearr liomsa an focal "cailín" mar go bhfuil sé sa chaint nádúrtha. Sílim go bhfuil cuma Bhéarla ar "bhanchara", tá sé déanta ar an phatrún chéarna le "girlfriend". Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10378 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 04:04 am: | |
Leannán - nó más mian leat a bheith díreach "bean luí" (maitresse) quote:béascna macnasach (???) Luxurious lifestyle.. Ní thuigfinnse sin ach oiread. Saol sócúl, b'fhéidir. Nó níos fearr fós: Beidh deireadh le saol na bhfuíoll |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 245 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 05:42 am: | |
A Aonghuis: "Saol sócúil/sócúlach". Féach gur ainm é "sócúl". A Lughaidh, ní haon Bhéarlachas chuige é "banchara". Tá sé an nDuinníneach féin. Tá cuma na seanaimsire air maith go leor ach ní haon damaint air é sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10381 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 05:47 am: | |
Fíor dhuit. M'olc (Message edited by aonghus on October 05, 2010) |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 246 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 05:48 am: | |
"Mo olc"! Tá tú druck!!! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10382 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 05:56 am: | |
Bhí fhios agam go dtaitneoidh sin leat... Bhí sé, cosúil, doshéanta. Ó. Mo. Dhia. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 247 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, October 05, 2010 - 05:59 am: | |
Tá sé not even texting back!!!! |
|