Author |
Message |
Teachdorcha
Member Username: Teachdorcha
Post Number: 2 Registered: 09-2010
| Posted on Monday, September 20, 2010 - 05:35 am: | |
d'fhág mé léan orm féin is d'fhág mé séan ar dhaoine eile Cad is brí le 'léan' agus 'séan' sna línte seo ón amhrán " Níl n'a lá" ? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10263 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 20, 2010 - 05:43 am: | |
léan [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] brón géar, mairg (léan ort! mo léan géar!). séan [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] comhartha; ádh, rath, áthas (sonas agus séan ort). |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 948 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, September 20, 2010 - 05:44 am: | |
"léan" = brón / aiféala "séan" = áthas / suairceas Nuair a chuaigh sé isteach sa teach tábhairne chaith sé an t-airgead a bhí cruinnithe aige chun an cíos a bhí ag an tiarna talún air (that he owed the landlord). Anois tá sé i gcruachás: níl airgead ar bith aige agus tá tinneas cinn air ón méid a d'ól sé sa phub. Amhrán eile den chineál sin: "Pócaí folamha agus cloigeann tinn / suite anseo le balla etc." |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 129 Registered: 04-2009
| Posted on Monday, September 20, 2010 - 05:47 am: | |
I ended up (through my own actions) in woe, and left others in prosperity, good fortune The title of the song should be "Níl 'na Lá", 'na being short for "ina". |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 949 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, September 20, 2010 - 05:49 am: | |
daoine eile = is cosúil gur cheannaigh sé deoch do gach aon duine sa phub. D'fhágas focail ar lár thuas: chaith sé an t-airgead a bhí cruinnithe aige chun an cíos a íoc. |
|
Teachdorcha
Member Username: Teachdorcha
Post Number: 3 Registered: 09-2010
| Posted on Monday, September 20, 2010 - 06:13 am: | |
Go raibh maith agaibh go léir |
|