A chairde,
Seans gur thug cuid agaibh faoi deara go raibh fadhbanna ag Pota Focal <
http://www.potafocal.com> le déanaí. Bhí na cuardaigh ag glacadh an iomarca ama agus bhí ag teipeadh orthu. Más ea, bíodh a fhios agaibh go bhfuil cúis na bhfadhbanna sin aimsithe agus ceartaithe agus tá gach rud ina cheart arís.
Má bhíonn aon fhadhbanna ag daoine leis na suíomh fós, ba mhór liom dá gcuirfidís ar an eolas fúthu mé.
Agus, ós ag trácht ar Pota Focal mé, tá grúpa ar Facebook do dhaoine a dtaitníonn Pota Focal leo <
http://www.facebook.com/potafocal> agus tá 97 ball ann faoi láthair. Ba mhaith liom go sárófaí an 100 faoi cheann cúpla lá! ;-)
Ciao,
Michal (Fear a' Phota)