"Leagadh an teach inniu". Más inniu a déanadh an gníomh, agus é thart.
"Tá an teach leagtha inniu", más uair éigin eile a leagadh é, agus gan an teach a bheith ina sheasamh inniu.
http://www.potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=leag&GotoID=focloirbeag Ní thig leat "leagtar" a úsáid anseo; bheadh ciall leis i sampla mar seo: "Leagtar an milleán ar Bhrian Cowen as cíor tuathail na tíre", i. rud leanúnach. Ní bheadh sin i gceist le teach a leagan.