A chairde,
Beidh cuimhne ag cuid agaibh ar Pota Focal. Foclóir Gaeilge ar líne a bhí ann tráth agus thaitin sé le roinnt daoine.
Bhuel, tá Pota Focal ar ais ar an saol anois, cruth nua air agus ábhar go leor nua istigh ann:
http://www.potafocal.com/ Bíodh a fhios agaibh gur saothar idir lámha é seo, níl sé críochnaithe (agus seans nach mbeidh go deo) ach cheap mé gurbh fhearr gan fanacht agus é a sheoladh anois ("release early and often" mar a deirtear i saol na hinnealtóireachta bogearraí).