Ó Nuacht24:
Is mian liom a mheabhrú go bhfuil an dara tréimhse comhairliúcháin den athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil ar siúl anois ón 14 Iúil. Is féidir na moltaí faoin ainmfhocal agus an tuiseal ginideach, agus faoin ainmfhocal agus ceisteanna ilchineálacha, a fháil ag an nasc seo a leanas:
http://www.pobail.ie/ie/Lar-AonadAistriuchain/ Tá an tréimhse seo oscailte go dtí an Aoine, 27 Lúnasa 2010. Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar rphost chuig
nó cóip chrua a sheoladh chuig an seoladh seo:
Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge
An Lár-Aonad Aistriúcháin
An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta,
Dún Aimhirgin
43 / 49 Br Mespil
BÁC 4
Cuireann an Coiste Stiúrtha ar an Athbhreithniú fáilte mhór roimh rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas seo agus tá súil againn go mbeidh sé ar do chumas aighneacht a chur isteach ar na moltaí reatha.
Le gach dea-mhéin,
Tomás Ó Ruairc
Stiúrthóir Seirbhísí Aistriúcháin