Author |
Message |
Dmd
Member Username: Dmd
Post Number: 107 Registered: 09-2009
| Posted on Saturday, July 31, 2010 - 08:02 am: | |
Cúpla ceist a chairde. Is dócha go bhfuil 'focal' as vocabulum an Laidin. Céard faoi 'bhriathar', as an Sean-Gaeilge? An bhfuil 'briathar' agus 'focal' inmhalartaithe sa Gaeilge mar ainm WORD, nó an bhfuil rialacha ceangailte dóibh? |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 671 Registered: 07-2009
| Posted on Saturday, July 31, 2010 - 10:08 am: | |
quote:Is dócha go bhfuil 'focal' as vocabulum an Laidin. Tá. quote:Céard faoi 'bhriathar', as an Sean-Gaeilge? B’fhéidir go dtagann sé as an fhréamh wer- i bhfocail cosúil le word, verb, irony, agus rhetoric. Ach níl mé cinnte ar chor ar bith. quote:An bhfuil 'briathar' agus 'focal' inmhalartaithe sa Gaeilge mar ainm WORD, nó an bhfuil rialacha ceangailte dóibh? Sílim nach bhfuil briathar úsáidte ach i gcomhthéacsanna áirithe. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3537 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, July 31, 2010 - 12:01 pm: | |
MacBain writes : briathar, a word, so Ir. and O.Ir. *brêtrâ (O.Ir. is fem.; G. is mas., by analogy?), *brê, ablaut to brâ- of bràth, q.v. Bezzenberger would refer it to O.H.G. chrâjan, Eng. crow. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Séasán
Member Username: Séasán
Post Number: 70 Registered: 06-2010
| Posted on Saturday, July 31, 2010 - 04:59 pm: | |
Cheap mé riamh go raibh an focal "briathar" á úsáid go mór mhór don téarma Béarla "verb". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10089 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, July 31, 2010 - 05:16 pm: | |
briathar [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] focal (briathar béil); (gramadach) focal a insíonn cad a dhéantar nó a tharlaíonn (tar, imeoidh, shuigh, seasann agus araile). Tá an dá rud ann. (m.sh. Sin é Briathar Dé a deirtear san Aifreann. Úsáidtear go minic é do rud a dúirt duine) |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 673 Registered: 07-2009
| Posted on Saturday, July 31, 2010 - 05:35 pm: | |
Nó b’fhéidir go bhfuil baint aige le habair atá baint aige féin le beir. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3541 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, August 01, 2010 - 12:48 pm: | |
B'fhéidir, cf. an t-ainm briathartha "breith"... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 300 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, August 04, 2010 - 03:35 pm: | |
Déarfainn nach n-úsáidtear "briathar" mar mhalairt ar "focal" ach amháin más é atá i gceist ná "rud ráite go sollúnta", mar atá in "briathar Dé", "beart de réir briathair" agus mar sin de. I ngach comhthéacs eile, "focal" = "word" agus "briathar" = "verb". Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10100 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 05, 2010 - 04:44 am: | |
Ambriathar, is fíor duit! |
|
Dmd
Member Username: Dmd
Post Number: 108 Registered: 09-2009
| Posted on Thursday, August 05, 2010 - 11:42 am: | |
Go raibh maith agaibh go léir! DMD |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1265 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 06, 2010 - 06:26 pm: | |
Tá baint ag "briathar" s'againne le "bruidhinn" na n-Albanach agus le "brwdyr" na mBreatnach. Breis eolais anseo: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/focal202.html Aontaím le Michal faoin gcaoi a n-úsáidtear inniu é. Is leithne go mór an réimse a bhíodh leis, mar is léir sna seanamhráin nó ar an DIL. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|