Author |
Message |
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 424 Registered: 08-2008
| Posted on Thursday, July 29, 2010 - 11:14 pm: | |
"Ní bheidh caite an loch le rámhaíocht" An bhfuil ciall ar bith leis an abairt sin? Táim ag iarradh ar "the lake won't be worn by rowing" a dhéanamh. GRMA Tine, siúil liom! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10082 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, July 30, 2010 - 04:14 am: | |
Níl. Beidh orm mo mharana a dhéanamh ar leagan cuí. Tá brí chomh leathan sin le "caite". B'fhéidir: Ní chaithfear an loch de bharr rámhaíochta Ach seans go mbeadh ídiú níos fearr: ídiú [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach] caitheamh (bia, éadaigh, agus araile); scrios, mí-úsáid. Ní hídítear an loch le rámhaíocht |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 425 Registered: 08-2008
| Posted on Friday, July 30, 2010 - 06:56 am: | |
Ah. Dhún mé mo ríomhaire agus smaoinigh mé ar an toirt nach bhfuil an ceart agam ann. Ach bhí mé ró-tuirseach. GRMA Tine, siúil liom! |
|
David Webb from corkirish.com (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 30, 2010 - 12:50 am: | |
Well, it if is "ní bheidh caite", the "an loch" would go in the middle: "ní bheidh an loch caite le rámhaíocht". But I think you could use the autonomous (that is not saying your version is wrong at all).I am also in a quandary as to whether the future or the conditional is required - because it really means "the lake COULD NOT BE worn out by rowing", and I am not sure it is totally correct to just take the English future tense into the Irish like that. Future: ní chaithfear an loch le rámhaíocht Conditional: ní chaithfí an loch le rámhaíocht The verb ídím means "up, wear up" ní hídeofar an loch le rámhaíocht ní hídeofaí an loch le ramhaíocht I also thought of seargaim "shrivel, dry up, wear away", but just don't know if this context is right for it or not. If right it would be: ní sheargfar an loch le rámhaíocht ní sheargfaí an loch le rámhaíocht these are all just attempts. your forum experts will give you the right version... using your version as a template: ní bheidh sé ídithe ní bheidh sé seirgthe |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 667 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, August 01, 2010 - 02:51 pm: | |
An féidir gur "cáite" atá i gceist? Cáitheadh = doirteadh (ag cáitheadh báistí, allais); bualadh, spíonadh (cáite ag an obair). Ní bheidh cáite an loch le rámhaíocht = Ní bheidh an loch suaite leis/ag an rámhaíocht? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10091 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 01, 2010 - 03:35 pm: | |
Léigh an rud ar fad, a Fhearghuis groí! quote:An bhfuil ciall ar bith leis an abairt sin? Táim ag iarradh ar "the lake won't be worn by rowing" a dhéanamh. Cé go mbeadh an loch cáite ag droch-iomróir, níl imir de sin i gceist le ceist an Fhionlannaigh fiosraí. Focal deas is ea cáite, mar sin féin. Ní ag caitheamh anuas ort atáim! |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 668 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, August 01, 2010 - 04:39 pm: | |
Sin an rud faoi idirlíon agus faisnéis: tá an oiread sin ann, agus ón méid sin foinsí, go bhfuil gá le ríomhairí chun cóiriú a dhéanamh air. Agus is fíor an rud é. Is maith an comhairle é! Agus chím anois cad a bhí ag teastáil ó Churiousfinn! (Message edited by ormondo on August 01, 2010) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 463 Registered: 06-2009
| Posted on Sunday, August 01, 2010 - 06:05 pm: | |
couple of suggestions: -Fágtar ann don loch i ndiaidh na rámhaíochta/an iomraimh -Ní fhágann an rámhaí(ocht) rian ar an loch -Níor fhág (an) rámhaí(ocht) loch gan uisce ariamh -Ní deireadh locha an rámhaíocht :) I also like ídithe as pp that's been suggested above, (more so than when it's in the autonomous) |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 426 Registered: 08-2008
| Posted on Sunday, August 01, 2010 - 07:33 pm: | |
Is seanfhocal atá ann, a deirtear idir fir, mar shampla, nuair a bhfuil fear i ndiaidh a fhiafraí ar an t-ainm ó cailín ró-óg, agus tá gruig curtha air. B'fheidir, "Ní fhulaingíonn an loch damáiste ó rámhaíocht". Tine, siúil liom! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10092 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 02, 2010 - 11:25 am: | |
quote:tá gruig curtha air Ní thuigim! An é atá i gceist ná go bhfuil rabhadh á thabhairt dó fanacht amach uaithi? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10093 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 02, 2010 - 11:27 am: | |
An tuiscint a bheadh agamsa ar an bun nath ná nach ndéanann rámhaíocht aon dochar don loch, nach bhfágann sé lorg buan. Is cosúil gurbh é a mhalairt ar fad atá i gceist le'd nath. |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 427 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, August 02, 2010 - 04:57 pm: | |
"he has received a despising look"... it's just that there's no real damage done although the surface is disturbed. (Message edited by curiousfinn on August 02, 2010) Tine, siúil liom! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10094 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 03, 2010 - 04:15 am: | |
Beidh orm smaoineamh air seo. Ní dóigh liom go bhfeidhmíonn an meafar as Gaeilge; b'fhéidir go bhfuil meafar eile ann. An í an chailín a chaitheann an gruig air? Nó na fir eile? |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 428 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, August 03, 2010 - 06:31 am: | |
An chailín, nó a máthar/hathar... Nó máthar an fir, má bhfuil sí ann i láthair an huaire, mar a bhfuil tarlaithe liom uair. Ní raibh fadhb ar bith ag an chailín liom, beannóimid do cheile go fóill. Is féidir an seanfhocal a rá leis na fir eile i dtacaíocht an fear, nó is féidir leis an fear féin é a rá dá chosaint má bhfuil tríú páirtí ag cur gruig air. Ach is féidir go mbainfidh an tríú páirtí míthuiscint as an meafar agus smaoineoidh sé ar gnéas. Tine, siúil liom! |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 429 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, August 03, 2010 - 10:14 am: | |
i dtacaíocht an fir ar ndóigh Tine, siúil liom! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10095 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 03, 2010 - 10:30 am: | |
"ag/chun tacú leis an bhfear" atá i gceist agat, sílim. |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 430 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, August 03, 2010 - 12:16 pm: | |
B'fhéidir. Greannmhar, is "takuu" an Fionlainnis do warranty ach tá ciall ensurance/backup/support leis freisin... Tine, siúil liom! |
|