quote:Cad is brí le "trasna"?? Thar? nó sall/anonn?
Tá an méid seo le rá ag an bhFB:
trasna [réamhfhocal][dobhriathar][aidiacht][ainmfhocal]
ó thaobh amháin go dtí taobh eile (dul trasna na habhann, na sráide); crosta (teacht trasna ar dhuine); leithead (cuir isteach ar a thrasna é; tá sé dhá throigh ar a thrasna).
sall [dobhriathar]
go dtí an taobh thall, anonn.
thall [dobhriathar][aidiacht]
ar an taobh eile, taobh anonn (thall i Sasana; thall ná abhus; an taobh thall den ghleann; tá sé taobh thall den loch).