Author |
Message |
Guevara
Member Username: Guevara
Post Number: 85 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, July 02, 2010 - 07:43 am: |
|
Chuir sé iontas orm inné nuair a d'fhógair Ceannaire Fhine Gael go mbeadh Frank Feighan mar urlabhraí nua an pháirtí maidir leis an Gaeilge cé nach bhfuil ach "na cúpla focal" aige.Cén sort teachtaireacht é sin agus Fine Gael mar an chéad rialtas eile? Is cuimhin liom ceapacháin Síle Bean de Valera blianta ó shin agus sort ceap magaidh mar Aire Gaeltachta agus chreid mé nach dtarlódh a léithéid arís. |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 511 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, July 02, 2010 - 07:52 am: |
|
Níl morán suim ag FG sa Ghaeilge |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3488 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, July 02, 2010 - 07:54 am: |
|
Seidh, níl siad ach a' magadh fá phobal na Gaelachta, déarfainn. Amadáin. Tuighe bhfuil ainm Gaeilge ar a' pháirtí sin? Ins an Fhrainc théid na polaiteoirí ó aireacht go haireacht gan eolas ar bith acu ar an ábhar. Ní hiontas ar bith nach socrann siad na rudaí fóirsteanacha, leis na bliantaí fada! (Message edited by Lughaidh on July 02, 2010) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 461 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, July 02, 2010 - 08:12 am: |
|
Is fearr a d'oirfeadh "Fine Sheoin Bhuidhe" dóibh. Séamus Ó Murċaḋa Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil
|
|