Author |
Message |
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 63 Registered: 02-2006
| Posted on Tuesday, June 08, 2010 - 05:33 pm: |
|
Léigh mé alt le Brian Ó Broin(BEO, Bealtaine) go bhfuil ‘eite dheis’agus ‘Gabhdaíocht Intleachtúil’ ar comhchiall le chéile!! Ba mhaith liom soiléiriú níos mó a fháil leis an téarma ‘Gabhdaíocht Intleachtúil!’ Harp |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 834 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, June 08, 2010 - 10:57 pm: |
|
Ná habair gurb ionann "gabhdaíocht" agus gadaíocht. An ionann? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9975 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 09, 2010 - 03:59 am: |
|
An é seo atá i gceist? quote:I gceann amháin, thagair sé do na margaí mar "táirgí Frankenstein" nach raibh fiúntas ar bith iontu. "Gabhdaíocht intleachtúil", nó "Cartadh intleachtúil", dar leis, a bhí i gcumadh na mbeart seo. Chomh dona céanna, fuarthas ríomhphoist eile idir feidhmeannaigh an chomhluchta a rinne cur síos ar na bearta mar "chac". http://www.beo.ie/?page=ar_na_saolta_seo&content_id=1124 Más ea, déan cuardach ar "Fabrice Tourre e-mail intellectual" agus gheobhaidh tú freagra do cheiste. (Níl sé oiriúnach don suíomh seo!) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9976 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 09, 2010 - 04:01 am: |
|
Gheobhaidh tú freagra freisin ar leathanach Beo. Ach ní fheicim aon nasc le eite pholaitiúil ar bith. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9977 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 09, 2010 - 05:01 am: |
|
Go deimhin, anois agus an alt léite agam, is mó cáineadh a fheicim ann ar chlisteacht mí ionraic ag na liobrálaigh i SAM. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 835 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, June 09, 2010 - 11:29 am: |
|
Léigh mé an t-alt. Cuntas ar chaimiléireacht atá ann. Gadaíocht agus mí-ionracas a bhí i gceist. Dá mhéid a scríobhtaí faoi "globalisation" tráth, anois nuair atá an tóin titithe ar fad as eacnamaíocht na dtíortha "forbartha" agus an dochar déanta don phobal, is léir gur cuma faoin ngnáthdhuine, an gnáth-oibrí atá ag iarraidh clann a thógáil go macánta ar thuarastal chóir. Cén brabach atá ansin? Nárbh fhearr eisean a chaitheamh i dtraipisí agus an jab a thabhairt don oibrí Síneach ar thuarastal íseal? Os é an brabús ár nDia. Ina dhiaidh sin arís is féidir smaoineamh ar bhochtáin na hAfraice. D'oibreoidis siúd ar bhabhla ríse agus deoch uisce in aghaidh an lae. Cad atá ar siúl ag na Rialtais? Cé atá i gceannas? Cá bhfuil urlabhraí na mbocht? Cearrbhaigh an airgeadais? Beidh athscríobh le déanamh ar theoraicí na heacnamaíochta nuair a bheidh an cor seo is déanaí i stair na forbartha sáraithe. Dála an scéil is bocht an t-aistriúchán atá ag BEO! ar "ag snámh in aghaidh easa." Swimming against a waterfall" an bhrí liteartha, "engaging in an impossible task" an bhrí mheafarach, ach thug BEO! "going uphill" dá leithéoirí ar bheagán Gaeilge. |
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 64 Registered: 02-2006
| Posted on Thursday, June 10, 2010 - 03:17 pm: |
|
Taighdin a chara...GRMA as do fhreagra: Ná habair gurb ionann "gabhdaíocht" agus gadaíocht. An ionann? An bhfuil bocht an t-aistriúchán ag Beo? Tugtar “mental masturbation” ar an téarma seo! Tá súil agam go mbeadh an t-aistriúchán seo i gceart! Abair…Bíonn smaointe casta ar chúrsaí an tsaoil agam a bhaineann le Gabhdaíocht intleachtúil!! Scig! Scig! Harp |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9979 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 10, 2010 - 04:47 pm: |
|
Tá aistriúcháin Beo cruinn - is ón mBéarla a tháining an sliocht ar dtúis. |
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 65 Registered: 02-2006
| Posted on Friday, June 11, 2010 - 05:00 pm: |
|
Tá aistriúcháin Beo cruinn - is ón mBéarla a tháining an sliocht ar dtúis. Seo dúinn an focal deiridh ar an téarma seo!!! GRMA Aonghus! Ar a laghad tá áthas orm nach bhfuilimse gnáthchléachaí a bhíonn ag féintruailliú ar son na gcúiseanna radacach!! *** *** Left-wing wanker!! Le meas, Harp |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 409 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, June 12, 2010 - 09:52 am: |
|
féintruailliú Is fearr liom féinsásamh... B) Tine, siúil liom!
|
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 66 Registered: 02-2006
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 12:26 pm: |
|
féintruailliú Is fearr liom féinsásamh... B) Baintear féinshásamh as féintruailliú,nach ea!?? Gach aon duine a shásamh féin!!...dúil a shásamh…ach ní shásódh an saol cuid de na daoine!! Harp |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 416 Registered: 06-2009
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 07:04 pm: |
|
B'fhearr liomsa chacun á son gout. |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 410 Registered: 08-2008
| Posted on Sunday, June 13, 2010 - 07:44 pm: |
|
Chan ár n-amhránaí finscéalach Juice Leskinen (ciúnas dá anam) faoi fear atá i ngrá leis féin... Tine, siúil liom!
|
|
Harp
Member Username: Harp
Post Number: 67 Registered: 02-2006
| Posted on Monday, June 14, 2010 - 06:50 pm: |
|
B'fhearr liomsa chacun á son gout. Ní thuigim do chanúint anseo!! Soiléiriú níos mó de dhíth led’thoil Harp |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 411 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, June 14, 2010 - 10:04 pm: |
|
chacun a son gout Fabhar féin ag gach aon duine. Nó mar sin. (Message edited by curiousfinn on June 14, 2010) Tine, siúil liom!
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 10, 2010 - 03:15 pm: |
|
Taighdin a chara...GRMA as do fhreagra: Ná habair gurb ionann "gabhdaíocht" agus gadaíocht. An ionann? An bhfuil bocht an t-aistriúchán ag Beo? Tugtar “mental masturbation” ar an téarma seo! Tá súil agam go mbeadh an t-aistriúchán seo i gceart! Abair…Bíonn smaointe casta ar chúrsaí an tsaoil agam a bhaineann le Gabhdaíocht intleachtúil!! Scig! Scig! Harp |
|