Author |
Message |
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 15 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 02:11 pm: |
|
Bhí bean ann uair amháin ina suí istigh ina theach féin an lá seo agus cé a tharlaigh isteach ach strainséir fir. Chan fhaca sí an fear seo riamh. D’éirigh sí agus fuair sí cathaoir dó agus d’iarr sí ar an strainséir suí síos. “Bhuel”, a deir sí leis, ”is strainséir thusa. Ní shílim go bhfaca mé riamh thú an bealach seo”. “ Creidim nach bhfaca” a deir sé. “ Ca as a dtáinig tú?” a deir sí. “Nó an bhfuil dochar fiafraí c’ainm thú?” “Níl aon seort” a deir sé. “Tá mise i mo shuí ar m’ainm agus tá mo shloinneadh fá mo ghuailneacha.” Ar an spota d’éirigh sí ina seasamh agus rinne crathadh láimhe leis ina ainm agus ina shloinneadh. “Do chéad míle fáilte” a deir sí, “a Chathaoir Uí Chába!” Scríobh Seán Ó hEochaidh síos an seanchas seo ó Shéamas Mac Amhlaoibh feirmeoir i 1950. Chur in eagar ag Pádraig Ó Baoighill, san irís - An tUltach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9969 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 03:54 pm: |
|
Ceann maith. Leagan eile cloiste agam cheana. |
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 16 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 04:18 pm: |
|
Ba mhaith liom leagan eile a chluinstin - nó a léamh. Is maith liom seanchas mar seo. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9970 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 04:27 pm: |
|
Ní raibh ann ach croí an scéil "Tá m'ainm fúm is mo shloinne ar mo cheann" (Clúdaíonn cába ceann is gualainn) |
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 18 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 04:46 pm: |
|
Sin i bhfad níos fearr - more succint. Cad é mar a déarfa succint?? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9971 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 05:08 pm: |
|
Gonta. |
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 22 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 07:20 pm: |
|
Sin i bhfad níos gonta? Grma |
|