Author |
Message |
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 26 Registered: 04-2010
| Posted on Friday, May 21, 2010 - 07:58 am: |
|
I started a thread on the Irish only site called "Aon Scéal?" which as many of you know means "any news or what's up?" The purpose of this thread is to give beginners and intermediate learners an opportunity to post in Irish. Of course you can do that at any time and you obviously don't need my permission to do so. . But I think many of us learners are reluctant to post on the Irish only site because the threads often get completely over our heads there. I've been making a conscious effort to study Irish in an Irish-only setting, without the crutch or shackles of English. And I think the Irish-only forum is a great place to practice these mini-immersions in Irish - the folks here are so helpful in learning Irish! But I don't want to suggest that the Aon Scéal thread be limited to just beginners and intermediate learners, quite the contrary. I would suggest that the more advanced learners and fluent speakers amongst us consider making postings to the thread but keep in mind that beginners and intermediates need an environment where they can at least understand some if not all of the Irish - just so they can get started in practicing their Irish. I think that for myself, I'm like a 4 or 5 year old when it comes to my level of Irish. I don't mean to sound precise about the age, but I think that if the more learned members post to the Aon Sceal Furasta thread with more basic sentences than they would be accostumed to, it would help the earlier level students greatly. It's just an idea and I don't mean to curtail any of the other threads on this or the Irish-only forum. In fact, I greatly benefit from the two threads active there where discussions are taking place between other members since I'm learning a lot of new words and phrases. So, aon scéal? Feel free to practice your Irish, maybe it's the weather, some local event, or maybe you're getting a new tatoo for yourself or someone else! Hope to see you on the Irish only thread. David |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 234 Registered: 10-2009
| Posted on Friday, May 21, 2010 - 08:04 am: |
|
Cifidh me air. 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach)
|
|
Antaine
Member Username: Antaine
Post Number: 1466 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, May 22, 2010 - 08:38 am: |
|
Bhain mé céim amach as Monmouth University an seachtain seo caite le MA i litríocht. Is mo tráchtas faoi céimíocht agus Hiberno-English. Scríobh mé faoi Juno and the Paycock go príomha, ach scríobh mé faoi The Shaughraun, John Bull's Other Island, JM Synge, agus Translations leis. =) |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 30 Registered: 04-2010
| Posted on Saturday, May 22, 2010 - 10:36 am: |
|
Comhghairdeas a Antaine! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9924 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 22, 2010 - 11:07 am: |
|
"Is faoi céimíocht agus Hiberno-English mo tráchtas " Céimíocht? Seasamh sa phobal, an ea? Ní raibh an téarma úd agam. GRMA. Cad é an chéad chéim eile, anois agus céim máistreachta agat? |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 387 Registered: 06-2009
| Posted on Saturday, May 22, 2010 - 11:50 am: |
|
Níl aon chailleadh ar an lá inniu. Ach tá sé chomh te sin nach bhfuil mé ag brath chor ar bith dul ag spaisteoireacht sna cnoic mar a bhí beartaithe agam. |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 44 Registered: 04-2010
| Posted on Thursday, May 27, 2010 - 12:34 pm: |
|
On the Irish-only side of this thread, http://www.daltai.com/discus/messages/21/50498.html?1274971754 Aonghus used the word "chuas." I looked for it in both FB and FGB but couldn't find it. After reading the sentence in which the word appeared, it dawned on me that "chuas" might be a form of "chuaigh" (went). An bhfuil ceart agam? If so, is it a form used in a particular dialect? If so, which dialect? Go raibh maith agaibh. FRC-GRMA |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 500 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, May 27, 2010 - 01:04 pm: |
|
"Chuas" is a form of "chuaigh mé" that I frequently hear in Corca Dhuibhne certainly. Perhaps it is more widespread throughout Munster? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9945 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 27, 2010 - 01:07 pm: |
|
quote:An bhfuil ceart agam? If so, is it a form used in a particular dialect? If so, which dialect? Tá. Nós muimhneach. Beidh orm bheith níos caighdeánaí! |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 501 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, May 27, 2010 - 01:19 pm: |
|
Ach tá anam muimhneach ionat, a Aonghuis, sílim |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 45 Registered: 04-2010
| Posted on Thursday, May 27, 2010 - 01:22 pm: |
|
Shíl me gurb é sin Nós Muimhneach é, ach ní raibh mé cinnte. Tá sé sin go hiontach, go raibh maith agat. Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh maith agat. |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 46 Registered: 04-2010
| Posted on Thursday, May 27, 2010 - 01:40 pm: |
|
Tá brón orm, a Shuimhneais, Ni fhaca mé cé scríobh tú. (I'm trying to write "I didn't see what you wrote") Go raibh maith agat. FRC-GRMA |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9946 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 27, 2010 - 02:06 pm: |
|
Ní fhaca mise an rud a scríobh sé ach oiread. Ciarraíoch athair mo mháthair; agus is i gCom Dhinéoil a d'fhoghlaim athair m'athair a chuid Gaeilge. (nó Gaolainne). D'fhág sin lorg ar an Laighneach seo, is léir. Dála an scéil, a Shuaimhnis, beidh mé thiar ag deireadh na míosa seo chugainn. Ba bhreá liom pionta a ól i'd chomhluadar. Más amhlaidh duit cuir scéala chugam ag aonghusoh ag gmail ponc com agus tiocfaidh muid ar shocrú éigin. |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 47 Registered: 04-2010
| Posted on Thursday, May 27, 2010 - 04:23 pm: |
|
Now that I understand that "chuas" refers to "I went," I decided to look up the verb "go" in my copy of "Teach Yourself Irish" by Dillon. I notice that for "I went" the entry is "do chuas." So, when Aonghus wrote "chuas," was it a shortened or informal form of "do chuas" or is this how "I went" is now usually written for the Munster dialect? Please excuse me if the question appears rash, but I would like to understand at least one irregular verb in the Munster dialect. Go raibh maith agaibh. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 814 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, May 27, 2010 - 09:12 pm: |
|
Outside the classroom and far from the realms of the Caighdeán Oifigiúil all the richness of the ancient Irish language can be heard as living speech in the various Gaeltacht "pockets" where the language still thrives. Elementary texts give one form of the verb whereas there are in fact three: an fhoirm tháite, an fhoirm scartha, agus an fhoirm choibhneasta. I'll leave it to someone else to translate those but here are examples of one verb: An fhoirm tháite: chuireas, chuiris, chuireamair, chuireabhair, chuireadar. An fhoirm scartha: chuir mé, tú, sé, sí, sinn / muid, sibh, siad. An fhoirm choibhneasta: an té a chuireas san earrach bainfidh sé sa bhfomhar. |
|
Rothaí
Member Username: Rothaí
Post Number: 50 Registered: 04-2010
| Posted on Saturday, May 29, 2010 - 01:58 pm: |
|
An fhoirm choibhneasta - The relative form. There's been some interesting talk about this on the thread regarding the Official Standard. I think I need to study this form, but first I need to figure out what it is. Fáilte roimh cheartúcháin, go raibh maith agaibh.
|
|
Antaine
Member Username: Antaine
Post Number: 1467 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, May 29, 2010 - 10:12 pm: |
|
is ea, a Aonghus, seasamh sa phobal. Anois, táim ag lorg le post lánaimsire i mo mhúinteoireacht. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9952 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 30, 2010 - 06:19 am: |
|
Tá súil agam go bhfaighidh tú post buan múinteoireachta gan mhoill. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1260 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, May 30, 2010 - 07:57 am: |
|
Tá mise ag súil le pósadh. Tá na caipéisí uilig bailithe againn agus cead pósta faighte againn ón stát. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9953 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 30, 2010 - 08:00 am: |
|
Comhghairdeas! Cé aige atá an ádh? Nár bpósfar go bráth arís sibh ina dhiaidh! An bhfuil tú fós san Eilvéis? Bí cinnte go bhfuil gach cáipéis cruinn beacht má tá! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1261 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, May 30, 2010 - 10:03 am: |
|
Pósfar go deimhin agus é sin gan mhoill! Tá orainn pósadh a dhéanamh de réir dlí, i láthair an stáit, agus beidh cead ár bpósta eaglasta againn ina dhiaidh sin. Ní féidir pósadh reiligiúnda a dhéanamh san Eilvéis mura bhfuil pósadh stáit déanta agat roimh ré. Tá - agus bhí ár gcuid deacrachtaí againn cheana féin maidir leis sin. Tá m'ainm baiste mícheart ar mo theastas breithe (litir amháin i ndearmad.) Bíodh is go raibh an litriú ceart le brath ar gach aon chaipéis eile dá bhfuil agam: pas, ceadúnas tiomána, ceadúnas cónaithe san Eilvéis... bhí an teastas breithe mícheart agus ní raibh siad le mé a ligint a phósadh go dtí go mbeadh sé ceartaithe! Bhí orm dul chuig an gConsal i mBern sa deireadh agus litir a fháil uaidh sin a shástódh iad. Dhá ainm anois orm de réir dealraimh agus mé len iad araon a mhalartú ar ainm nua mo phósta. Is ait liom é mar réiteach, ach tá na hEilvéisigh sásta leis; sin an gné is tabhachtaí. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 823 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, May 30, 2010 - 10:50 am: |
|
Guím sonas agus séan oraibh agus go raibh sliocht sleachta ar shliocht bhur sleachta .i. go bhfeice sibh an triú glún. Go raibh sibh in bhur sin-sean-tuistí amach anseo. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9955 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 30, 2010 - 11:47 am: |
|
Tharla eachtra mar é do mo bhean agus muid ag iarraidh breith ár dara mic a chlárú. Ní bhíonn ainm éis pósta ar teasta pósta as Éirinn. Ní raibh an cláaitheoir sásta glacadh lena Phas (Gearmánach) ná cárta aitheantais mar fianaise ar a hainm. B'éigin dí dul chuig an ard oifig agus a sloinne a mhionnú! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1262 Registered: 06-2006
| Posted on Sunday, May 30, 2010 - 12:19 pm: |
|
B'éigean do mo fiancé (cén Ghaeilge ar sin, meas tú?) dul agus mhionnú gur fear singil é - ach bhí súil againn leis an riachtanas sin. Níorbh éigean domsa a leithéid toisc gur i mo Gemeinde (=baile, paróiste) féin a phósfaimid. Táthar eolach go leor i mo thaobhsa cheana féin. Go raibh maith agaibh beirt as ucht na ndea-ghuíonna sin! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9958 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 30, 2010 - 12:58 pm: |
|
quote:fiancé (cén Ghaeilge ar sin, meas tú?) Ceist mhaith. An té atá geallta liom, is dócha. Níl ceachtar inscne luaite ag de Bhaldraithe. |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 287 Registered: 01-2009
| Posted on Monday, May 31, 2010 - 06:26 pm: |
|
Go raibh saol sona fada agaibh le chéile. Bainigí taitneamh as an lá mhór chomh maith! |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 623 Registered: 07-2009
| Posted on Tuesday, June 01, 2010 - 09:32 am: |
|
quote:Tá mise ag súil le pósadh. Comhghairdeas! An fanfaidh sibh san Eilvéis, nó i Meiriceá? An thiocfaidh do ghaolta uile anall don phósadh? I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 663 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, June 03, 2010 - 05:01 pm: |
|
Tá orainn pósadh a dhéanamh de réir dlí, i láthair an stáit, agus beidh cead ár bpósta eaglasta againn ina dhiaidh sin. Comhghairdeas uaimse freisin. Nuair a dheineas an tseift chéanna roinnt (ahem...) blianta ó shin chuamar faoi dheireadh chuig an Danmhairg le teacht thart ar an rómhaorlathas. Tá an tír sin lán de bhailte ar nós Gretna Green. (Message edited by ormondo on June 03, 2010) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9960 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 04, 2010 - 01:51 am: |
|
Tháinig muide go hÉireann; áit atá an sagart paróiste ina chláiritheoir do phósadh stáit chomh maith. Agus tá modhanna - measartha - soiléir agus simplí ag an Eaglais chun an searmanas a eagrú i dtír eile. Ní raibh, de réir mo chuimhne, ach ceithre leathanach A4 de pháipéarachas i gceist... |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1264 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, June 04, 2010 - 06:54 am: |
|
Táimid le fanacht san Eilvéis - ar feadh scathaimh eile ar a laghad ar bith. Ní bheidh mo ghaolta uilig in ann a theacht anall ach tiocfaidh deartháir liom, an té is sine i mo dhiaidhse. Fuair mé gúna inné don phósadh stáitseirbhíseach. Níl muid ag iarraidh ócáid mhór a dhéanamh de - "níl ann ach páipéarachas" a deirimid lena chéile - ach d'airigh mé nach bhféadfainn pósadh go stáitseirbhíseach féin gan gúna bán. Gúna simplí cadáis é agus cuirfidh mé bláthanna léana ar m'fholt. (An bhfuil bean ar bith eile ar an bplé seo? Tá amhras orm go bhfuil sé sách leadránach do na fir!) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 664 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, June 04, 2010 - 11:13 am: |
|
An gceapann tú go dtiocfaidh na cearthaí ort? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
CF (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 03, 2010 - 10:06 pm: |
|
Comhghairdeas, a Abigail! Sceal furasta: Taim posta anois. Cheannaigh me Nocia N97 Mini inne. Nil se an rogha is fearr, ach ta orm bheith leis dha bhliain as seo amach. Nil feidir fadai a scriobh leis agus ta se beagan dheacar na litreacha Lochlannacha a scriobh leis freisin. "Leagtha amach i bhFionlainn" agus rinne na hinnealtoiri praiseach de ghne sin. |
|