Author |
Message |
Liam_mac_g
Member Username: Liam_mac_g
Post Number: 28 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, May 14, 2010 - 02:48 pm: |
|
Hi, I know I mentioned this here before in another post but I'm desperate! I'm looking for a recording of my grandfather Michael John Tom Ó Maoineacháin of Inis Gé that he recorded with RnaG(I think).I came across this http://www.daltai.com/discus/messages/13510/15098.html?1134791995 which gives a link but no longer works! Can someone point me in the right direction, or does anyone have the recording that would be willing to send it to me? GRMMA |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 773 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, May 14, 2010 - 09:13 pm: |
|
Ceist agam ort, a Liam_mac_g, an bhfuil tú ag caint faoin bhfíseán inar phóg sé talamh Inis Cé tar éis dó teacht i dtír? Ar nós an Phápa nuair a thuirling sé den eitleán? Tá sé sin ar díol ag Ionad Dearbhla. Más ag RnaG atá sé b'fhéidir go mbeadh a fhios ag Seán Ó hÉalaí, Caisleán an Bharraigh, faoi. Coinnítear stuif den chineál sin in RTÉ Raidio na Gaeltachta sna cartlanna. Ar bhailigh Séamus Ó Catháin béaloideas uaidh? Bheadh sé sin sa Roinn Béaloideasa i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Léiríonn do theachtaireacht an tábhacht a bhaineann le taifeadadh a dhéanamh ar sheanchas agus caint na ndaoine sin in Iorras a bhfuil an teanga ar eolas go rí-mhaith acu go fóill agus a thábhachtaí atá sé ag an aos óg an teanga a fhoghlaim óna dtuismitheoirí seachas bheith de shíor ag éisteacht le popcheol Béarla. Dá dtuigfeadh daoine óg an seoid luachmhar atá ag a dtuismitheoirí le bronnadh orthu agus an oidhreacht shaibhir atá sa bhaile acu féin dhéanfaidis a ndícheall í a fhoghlaim agus a labhairt lena gclann féin. Cuireann sé brón orm an méid Béarla a labhraítear in Iorras agus na Béarlóirí sin ag plúchadh na Gaeilge is deise dár chualathas riamh agus ag cur cainteoirí breátha Gaeilge ina dtost. Is náireach an rud é nach ndéanfadh na hÚdaráis an meath sin a stopadh. |
|
Liam_mac_g
Member Username: Liam_mac_g
Post Number: 29 Registered: 04-2009
| Posted on Saturday, May 15, 2010 - 06:15 am: |
|
Taidhgín, agallamh de chineal eigin a chuala mé ar rnag cúpla blian ó shin tar éis dó báis a fháil atá i gceist agam.Dar le mo mhaithir, Seamus nó Padhraig Ó Catháin a bhí ann, ach faraor bhí me ró óg iad a thabairt faoi deara. Ag an uair sin ní raibh focail gaeilge ar bharr mo theanga, agus ní raibh suim agam inti ach an oiread. Nuair a bhfuair sé sin bás, b'éigean dom gaeilge a fhoghlaim. Mar sin,is mór an spreagadh iad na sean taifeadaí. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 774 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, May 15, 2010 - 06:44 am: |
|
Maith thú, a Liam. Ar tógadh in Éirinn thú? Cén tír ina bhfuil tú i do chónaí anois? Molaim duit litir a scríobh chuig Ceannasaí, Raidio na Gaeltachta, Casla, Co na Gaillimhe agus déarfainn go mb'fhéidir go ndéanfaidis athrchraoladh. Sílim go mbíonn clár rialta ó Mhaigh Eo acu agus tá stiúidió acu i gCaisleán an Bharraigh. Scríobh litreacha chucu agus aimseoidh tú an t-agallamh. Casadh Micheál Johna Teaimí orm cúpla uair, go dtuga Dia suaimhneas na bhFlaitheas dó. |
|
Liam_mac_g
Member Username: Liam_mac_g
Post Number: 30 Registered: 04-2009
| Posted on Saturday, May 15, 2010 - 08:34 am: |
|
Tógadh a Thaidhgín, táim i mo chonaí i mBeal an Mhuirthead.Níl mé ach seacht mbliana deag d'aois, ag deanamh an ardtéist an bliain seo.Deanfaidh mise é sin, go raibh maith agat. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 775 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, May 15, 2010 - 09:05 am: |
|
Dia leat. Ard-fhear. Nach iontach gur aimsigh tú an Clár Plé seo. Is maith liom dul go Béal an Mhuirthead Lá an Logha gach bliain -- ach an uair a bheith tirim. An bhfuil tú ag freastal ar Choláiste Bhreandáin? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 14, 2010 - 10:59 pm: |
|
Here is the man who made that thread doing a video: http://www.youtube.com/watch?v=UeYibIsyai8 I'd say you'd have to go on youtube and message him on there and ask if he has it, since he don't come on this forum anymore. And if you do get it, post it on here! |
|
Liam_mac_g
Member Username: Liam_mac_g
Post Number: 31 Registered: 04-2009
| Posted on Saturday, May 15, 2010 - 09:32 am: |
|
Táim ag freastal ar choláiste Bhreandáin.Is iontach an rud é an clár plé seo gan amhras! Is maith liom dul go Béal an Mhuirthead Lá an Logha gach bliain -- ach an uair a bheith tirim Is annamh a bhíonn se tirim thart an áit seo ;) |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, May 15, 2010 - 12:14 pm: |
|
|
|