Guevara
Member Username: Guevara
Post Number: 75 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 07, 2010 - 09:13 am: |
|
De réir Gaelscéal inniú beidh deireadh leo i mí Meitheamh. Beidh deireadh ag teacht le maoiniú Fhoras na Gaeilge ar an 19 n-eagraíocht ar fud na tíre ar an 30ú Meitheamh. Buille tubaisteach eile don Ghaeilge ag am a mbíonn sprioc ag an Rialtas go mbeidh 250,000 cainteoir Ghaeilge laethúil in Éirinn i 2030. Cád as a dtiocfaidh siad? ón nGaelscolaíocht agus ó ardú suntasach ar na méid teaghlaigh ag tógaint a gcuid páistí trí Ghaeilge ach beidh deireadh curtha le Chomhluadar a chuireann tacaíocht ar fáil do na teaghlaigh Gaelacha. The Governments 20 year strategy for the Irish language to have 250,000 daily speakers in 2030 is out the window with the news that 19 Irish language organisations will have no funding from 30th June including Comhluadar who help Irish speaking families primarily in the Galltacht also Glór na nGael who promote the language through working with local commitees adn awarding prizes each year thorough Gradam Glór na nGaeil. |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9862 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 07, 2010 - 01:02 pm: |
|
Bhain an scéal sin stangadh asamsa freisin. Sé an rud nach bhfuil soiléir cad go díreach atá chun tarlú tar éis Meitheamh. Tá caint ar an atheagar seo le fada, ach is cosúil go bhfuil an gnáth praiseach a dhéanamh de ag na maorlathaigh - ag stopadh rud amháin gan an rud a thiocfaidh ina áit a bheith soiléir ná aontaithe. |