Author |
Message |
Tadhganseo
Member Username: Tadhganseo
Post Number: 26 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 01:25 pm: |
|
Bhíos ag léamh an t-úrscéal "Fonttenoy" le Liam Mac Cóil. Sa bhliain 1745 tá beirt saighdiiúirí Éireannacha in arm na Fraince ag labhairt faoi ionradh ar an mBreatian, agus deir duine acu "Tá an Ceannaí ar an tonn". Ní thuigim céard atá i gceist le "Tá an Ceannaí ar an tonn". What merhant? Céard is brí leis? (Message edited by tadhganseo on May 04, 2010) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9850 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 02:15 pm: |
|
Is dóigh liom gur Ceannasaí atá i gceist; The Captain is on the wave (i. at sea) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 749 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 03:55 pm: |
|
Ritheann sé liom gur ag smaoineamh ar an Stíobhartach a bhí sé. Tá dán ann "Mac an Cheannaí". Aisling is ea é. Bhíodh na Gaeil ag tnúth le cabhair ón bhFrainc, ón Spáinn, nó ó thír ar bith a chuideodh leo réimeas Shasana a scrios agus na Gaeil a chur i gcumhacht arís. An Stíobhartach? Bonnie Prince Charlie? Séamus a Dó? Jacobites? Níl an stair ar eolas agam. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9851 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 04:24 pm: |
|
Is dóigh liom go bhfuil an ceart agat. Tá an dán anseo http://www.navan.org/lyrics/mac_an_cheannai.html Bhí éirí amach in Albain i 1745. http://en.wikipedia.org/wiki/Battle_of_Culloden (Message edited by aonghus on May 04, 2010) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 750 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, May 05, 2010 - 02:00 pm: |
|
Is ionadh liom gur "ar an tonn" atá scríofa (scríte) ag Liam Mac Cóil. I would have expected the old dative "ar toinn" ar an bhfarraige. "ar an tonn" sounds "revival Irish" to me |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1251 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, May 06, 2010 - 05:51 am: |
|
Tá tuairim agam gur giota de dhán eicínt é, a Thaidhgín, áit a bhféadfadh "ar an tonn" bheith riachtanach ar maithe leis an meadaracht. Tóigfidh mé Fontenoy anocht agus caithfidh súil air.... Leabhar den scoth é. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 51 Registered: 02-2009
| Posted on Thursday, May 06, 2010 - 06:20 am: |
|
Ta cóip "Fíon na Filiochta" agam ó na caogadaí. Ta "Mac an Cheannaí" ann agus tá 4 vearsaí breis ann. The words are a little different than those on http://www.navan.org/lyrics/mac_an_cheannai.html but I heard that some poems were revised in the 1980s to,they say, bring them back closer to the originals. Is fearr liom na focail atá agam eadaoin |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 752 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, May 06, 2010 - 09:05 am: |
|
Is álainn an leabhar é "Fion na Filíochta" ach is áille fós é "Filíocht na nGael". Fuaireas mar théacsleabhar sa mheánscoil é sa bhliain 1953 agus táim in ann mo lámh a leagan anois féin air tar éis 57 mbliana. Tá furmhór na ndánta léite agam agus cuid mhaith agam de ghlanmheabhair. Is é mo "bhíobla" é. Dá bhféadfá grá a thabhairt do leabhar d'fhéadfainn a rá go dtugaimse grá d'Fhilíocht na nGael. Uimhir 1 ar an liosta leabhar is ansa liom. Cheannóinn cóip eile. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9859 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 06, 2010 - 10:15 am: |
|
Tá sin agam freisin. (Sílim: litriú réamhchaighdéanach atá ar an leabhar atá agamsa) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 753 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, May 06, 2010 - 12:25 pm: |
|
Filidheacht na nGaedhal (le ponc in áit na héiseanna)? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9860 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 06, 2010 - 03:19 pm: |
|
Filiḋeaċt na nGaeḋeal, in eagar ag Ó Canainn, sea. Cóip sínithe agam ó uncail m'athair, beannacht Dé air. |
|