mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (March-April) » Archive through April 03, 2010 » Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge Beartaithe « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 501
Registered: 07-2009


Posted on Wednesday, March 10, 2010 - 11:28 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Tá fógartha ag an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív TD, inniu go bhfuil athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge le déanamh ag an Lár-Aonad Aistriúcháin ina Roinn. Foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil don chéad uair i 1958 agus tá sé á fhoilsiú ó am go chéile ó shin.

Céim ar leith ab ea a fhoilsiú maidir le forbairt na Gaeilge mar theanga nua-aimseartha liteartha agus riaracháin ar aon. É sin ráite, ag cur san áireamh an oiread athruithe agus forbairtí atá le tabhairt faoi deara go leanúnach i mianach na teanga beo, is tráthúil an t-am é tabhairt faoi athbhreithniú anois.

Ceapfaidh an tAire Coiste Stiúrtha leis an athbhreithniú a chur chun cinn, agus tiocfaidh baill an Choiste ó na réimsí seo a leanas: foclóireacht, oideachas, dlí, aistriúchán, téarmaíocht, meáin agus léann. Cur chuige céimnithe a bheidh i gceist leis an athbhreithniú.

Déanfar gach caibidil nó gach cuid de chaibidil den saothar seo a bheidh ina Chaighdeán leasaithe ar deireadh a scagadh agus a aontú sula mbogann an grúpa athbhreithnithe ar aghaidh go dtí an chéad mhír eile ar an gclár oibre.

Tabharfar tús áite ag tús an phróisis do cheisteanna ar leith atá thar a bheith tábhachtach maidir le forbairt na téarmaíochta nua-aimseartha.

Dúirt an tAire Ó Cuív: “Cúis mhór áthais dom an togra stairiúil seo a fhógairt ag tús Sheachtain na Gaeilge. Tá teangacha orgánach agus athraíonn said thar na glúinte. Tá sé tábhachtach go bhféadfadh an Caighdeán Oifigiúil freastal ar riachtanais na haoise seo. É sin ráite, tá a fhios agam go ndéanfaidh iad siúd a bhfuil cúram an athbhreithnithe seo orthu cinnte de go mbeidh a gcuid cinntí ciallmhar agus réadúil agus go mbeidh siad dílis do stair is d’oidhreacht shaibhir na Gaeilge mar an teanga liteartha is sine san Eoraip ar an taobh ó thuaidh de na hAlpa.”

Lean an tAire air: “Is gá dúinn a chinntiú go mbeidh an Caighdeán leasaithe sách cruinn agus sách láidir le cothromaíocht tomhaiste a bhaint amach idir stádas na teanga a chaomhnú agus beocht na teanga a chothú. Beidh ar an athbhreithniú riachtanais an fhoghlaimeora a chur san áireamh agus na rialacha a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir. Beidh air chomh maith riachtanais an chainteora oilte a chur san áireamh agus é ag plé le teanga atá uasal agus ealaíonta, teanga a gcuireann a struchtúr saibhir gramadaí ar a cumas raon leathan nathanna is mianta a léiriú. Ní liosta focal amháin é teanga.”

Tá sé i gceist ag an Aire ballraíocht an choiste a fhógairt ag an gcéad chruinniú s’aige sa dara leath de mhí Aibreáin.

Thug an Roinn le fios inniu chomh maith gur chur chuige céimnithe a bheidh i gceist leis an athbhreithniú. An chéad chéim a bheidh ann ná réimse ar leith gramadaí agus spéise á athbhreithniú ag an gCoiste, ansin foilseofar na moltaí ar feadh tréimhse áirithe ar mhaithe le comhairliúchán poiblí (moltaí nach gá an Caighdeán a leasú san áireamh), agus ansin déanfar athbhreithniú eile i gcomhthéacs an aiseolais seo ón bpobal. Déanfar cinneadh i leith na moltaí ansin sula mbogtar ar aghaidh go dtí an chéad réimse eile.



http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=4067

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3402
Registered: 01-2005


Posted on Wednesday, March 10, 2010 - 01:38 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus cad é na hathraíonnaí a rinn siad? Cá háit a dtig linn iad a dh'fheiceáilt?

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, March 10, 2010 - 11:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

For those who would be interested, but need to check their understanding against the translation, this is the GAelport translation of the above:

Official Standard for Irish to be reviewed

Éamon Ó Cuív TD, Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs officially announced today that a review of the Official Standard for Irish (An Caighdeán Oifigiúil) is being undertaken by the Central Translation Unit (An Lár-Aonad Aistriúcháin) in his Department. The Official Standard was compiled and first published in 1958 and has been published periodically ever since.


Its publication in 1958 was a significant milestone in the development of Irish as a modern literary and administrative language.

However, in light of the rapid and ongoing developments in the texture of the living language, it is timely to undertake a review now.

The Minister will appoint a Steering Committee to oversee the Review, whose membership will cover the fields of lexicography, education, law, translation, terminology, media and scholarship.

The review will take a phased approach and each Chapter, or part of a Chapter of what will ultimately become the revised Official Standard, will be examined and agreement reached, before the Review Group will move on to the next item on its work programme.

Specific issues that are of particular relevance to the development of modern terminology in Irish will be addressed as a priority at the start of this process.

Minister Ó Cuív said: “I am delighted to announce this historic initiative at the beginning of Seachtain na Gaeilge. Languages are organic and change over the generations. It is important that our Official Standard still relates to the needs of the modern age. That said, I know that those charged with this review will ensure that their decisions are sensible and pragmatic and true to the rich history and heritage of Irish as the oldest living literary language in Europe north of the Alps.

The Minister continued, “We must be mindful of the fact that the key issue is to ensure that the revised Caighdeán will be both accurate and strong enough to strike a measured balance between preserving the status of the language and nurturing its vitality. The review will need to consider the needs of the learner and make the rules as clear as possible. It will also need to consider the needs of the competent speaker bearing in mind that Irish is a noble and expressive language whose rich grammatical structure makes a wide range of nuances and expressions of meaning possible. A language is not just a list of words.”

www.pobail.ie

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jehan
Member
Username: Jehan

Post Number: 62
Registered: 06-2007
Posted on Thursday, March 11, 2010 - 07:08 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A "Unregistered guest"
Thanks a lot for your translation

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Suaimhneas
Member
Username: Suaimhneas

Post Number: 496
Registered: 08-2006
Posted on Friday, March 12, 2010 - 07:24 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Isn't this to be welcomed?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 506
Registered: 07-2009


Posted on Friday, March 12, 2010 - 04:05 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

It depends what Pandora's Box contains!

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ardri
Member
Username: Ardri

Post Number: 86
Registered: 02-2007
Posted on Sunday, March 14, 2010 - 07:52 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Gan scríobhneoir ná file,(na máistrí cumarsáide) ina measc..

Ó go n-ithe an diabhal thú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1216
Registered: 06-2006


Posted on Monday, March 15, 2010 - 06:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

... tiocfaidh baill an Choiste ó na réimsí seo a leanas: foclóireacht, oideachas, dlí, aistriúchán, téarmaíocht, meáin agus léann.

Chuirfinn geall go mbeidh scríbhneoir nó beirt ina measc!

Maidir leis na filí, feictear dom gur beag baint a bhíonns ag filí an lae inniu le caighdeántas in aon chor. Bíodh sin mar atá, glacaim leis go dtabharfar cead cainte dóibh chomh maith le duine sna comhairliúcháin poiblí ar a raibh trácht orthu.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4438
Registered: 02-2005


Posted on Monday, March 15, 2010 - 11:25 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Sineadw
Member
Username: Sineadw

Post Number: 230
Registered: 06-2009
Posted on Monday, March 15, 2010 - 11:48 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach bhfuil 'caighdeán leathan' i gceist acu? Tá sé ar na bacáin le píosa agus atá le chur leis an 'caighdeán cúng'.
Tá trácht air anseo:

http://www.acmhainn.ie/tearmai/seimhiu.htm

Meas sibh cé acu foghlaimeoir atáthar ag labhairt faoi- an foghlaimeoir sa scoil nó an foghlaimeoir toilteanach dílis?



©Daltaí na Gaeilge