mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (March-April) » Archive through March 10, 2010 » An Ghaeltacht vs An Ghalltacht « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Guevara
Member
Username: Guevara

Post Number: 63
Registered: 04-2007
Posted on Monday, March 01, 2010 - 08:48 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhí mé ag an Tóstal i nGaillimh ag an deireadh seachtaine agus thug mé faoi dheara go raibh deighilt ann idir lucht labhartha na Gaeilge ón nGaeltacht agus ón nGalltacht. Bhí cúpla duine ina suí in aice liom agus baint acu leis an nGaelscolaíocht. Bhí siad den tuairim go mbeidh todhchaí na Gaeilge sa Ghalltacht go háirid leis an nGluaiseacht Gaelscolaíochta.
Tháinig fearg orm agus iad ag díscríbh an Ghaeltacht agus ag caitheamh anuas ar chainteoirí ón nGaeltacht. Bhuel cé gur tuairim é seo atá ag éirí níos láidre anois ceapaim gur lán chaca é seo. Tá 2,334 teaghlach le Gaeilge sa Ghaeltacht agus timpeall 600 sa Ghalltacht. Tá na mílte múinteoirí ag an mbunléibhéal agus ag an dara léibhéal nach bhfuil ag tógail teaghlaigh le Gaeilge agus tuismitheoirí ag cur a gcuid gasúir go dtí an Ghaelscoil agus gan Gaeilge ar bith á labhairt acu sa bhaile. Go dtí go mbíonn nós mó teaghlaigh le Gaeilge sa Ghalltacht ná sa Ghaeltacht ní dóigh liom go bhfuil argóint maith acu. Dá dtarlódh a léithéid i mBaile Atha Cliath mar a tharla in Iarthar Béal Feirste bhéinn sásta tacú leis an tuairim sin ach go dtí sin...... Aon tuairimí eile faoi seo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 669
Registered: 07-2006
Posted on Monday, March 01, 2010 - 02:42 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is maith liom go raibh tú ag an TÓSTAL. Tá oiread iontais ar lucht labhartha an Bhéarla sna Gaelscoileanna gur éirigh lena bpáistí labhairt na Gaeilge a thabhairt leo is go dtéann siad thar fóir lena maíomh.

Ina dhiaidh sin féin is tiargálaithe iad, ceannródaithe, réadóirí.

Léiríonn siad a éasca is atá sé an Ghaeilge a fhoghlaim. Léiríonn siad an chaoi a bhféadfaí an Ghaeilge a athbheochan dá gcuirfí chuige le fonn. Murach na Gaelscoileanna a bheith ag cothú na teanga ar fud na tíre ní bheadh sé chomh réidh ag an Rialtas tacaíocht a thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá siad araon ag brath ar a chéile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3394
Registered: 01-2005


Posted on Monday, March 01, 2010 - 07:36 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is é an duifear eadar a' Ghaeltacht agus a' Ghalltacht an dúchas.
Sin an duifear.
Sin an duifear eadar mo chuidse Béarla agus an Béarla atá ag Béarlóir dhúchais. Níos mó focal, níos mó cora cainte, blas difriúil, dóigh eile le achan rud a ráidht agus dóigh smaoitithe eile fosta. Ins a' Ghaeltacht, labhartar Béarla ó ghlúin go glúin le corradh's 2000 bliain.

Tá duifear mór eadar Gaeilg na Gaeltachta agus an Ghaeilg a labhras Béarlóirí dúchais sa Ghalltacht. Éist ar feadh 10 soicid agus cluinfidh tú 'n duifear.

Na daoiní a chaitheas anuas ar chainteoirí na nGaeltacht, is amadáin iad ; daoiní ar mhaith leofa go nglacfaí le droch-Ghaeilg mar theangaidh thagartha, as siocair go bhfuil siad rófhalsa le teangaidh na gcainteoir dúchasach Gaeltachta a fhoghlaim.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 670
Registered: 07-2006
Posted on Tuesday, March 02, 2010 - 12:11 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aontaím leat maidir le dúchas na Gaeilge, a Lughaidh.

Sinne a tógadh le teanga leath-Bhéarla leath-Ghaeilge ní ón ngaoth a thógamar líofacht na Gaeilge. Léirigh John Millington Synge an teanga lenar tógadh mise agus ná habair liom nach bhfuil an teanga sin ar maos leis an dúchas Gaelach. B'fhurasta dúinn an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil. Ba chóir go mbeadh muide san áireamh agus "an Ghaeltacht" á aithint. Ba chóir go dtabharfaí aitheantas do líofacht na bpáistí a thógamar i mBaile Átha Cliath agus thiar sa nGaeltacht i rith an tsamhraidh. Cé nach bhfuil cónaí orainn sa "Ghaeltacht Oifigiuil" tá oiread ceart againn ar aitheantas Gaeltachta is atá ag Béarlóirí na n-iar-Ghaeltachtaí agus lear mór deontais á bhfáil acu ó "airgead na Gaeilge".

Maidir le haitheantas a thabhairt do "dhroch-Ghaeilg" ní aontaím leat. Tá speictream leathan cumais agus stíl chainte in gach aon teanga agus dá mhéid cainteoirí agus scríbhneoirí atá ag saothrú na teanga agus ag saothrú trí mheán na teanga is ea is fearr.

Tost agus neamhshuim ba thrúig bháis don teanga dá gcuirfí daoine ó dhoras i ngeall ar chaighdeán a gcuid Gaeilge.

B'olc an t-airí ar Ghaeilgeoir ar bith dul a cháineadh Gaeilgeoirí eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 492
Registered: 07-2009


Posted on Tuesday, March 02, 2010 - 05:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Tá speictream leathan cumais agus stíl chainte in gach aon teanga



Tá. Tá a lán bómán nach ach éadrom sa Bhéarla, ina dteanga dhúchais. Ceapaim go bhfuil ann tuilleadh leis seo. Bhí sochaí ag athrú, caighdeáin ag meathlú go bunúsach de ghnáth, sílim. Tá mé ag léamh an leabhair “The Acquisition of Irish” le Máire Owens. Tá sé fá dtaobh dá hiníon a bhí Gaeilge ag foghlaim i naíonra.

(Message edited by seánw on March 02, 2010)

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3395
Registered: 01-2005


Posted on Tuesday, March 02, 2010 - 06:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Tá a lán bómán nach ach éadrom sa Bhéarla, ina dteanga dhúchais.



Caithfear duifear a dhéanamh eadar na cineálacha éagsúla Béarla. Ghníonn cuid mhór daoiní meancógaí de réir rialacha an Bhéarla chaighdeánaigh, ach bheadh sin ceart de réir rialacha a gcanúna féin.
Cha ndéanann cainteoir dúchais mórán meancóg ina theangaidh dhúchais féin. Ach ar ndóighe muna bhfuil eolas agad ar an chanúint atá siad a labhairt nó má shíleann tú nach bhfuil rud ar bith ceart taobh amuigh don Bhéarla chaighdeánach, sílfidh tú nach bhfuil ag na daoiní sin ach droch-Bhéarla.

Na cainteoirí "neamhdhúchasacha" a labhras droch-Ghaeilg, deireann siad rudaí a bheadh mícheart in achan chanúint, eadar chaighdeán agus chanúintí Gaeltachta... Ní cóir glacadh leis na meancógaí a ghníos siad sin. Char fhoghlaim siad dóthain Gaeilge, sin an méid.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 671
Registered: 07-2006
Posted on Tuesday, March 02, 2010 - 06:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Inis dúinn faoina bhfuil ráite aici: an bhfuil Gaeilge aici féin agus an bhfuil sí in ann tacaíocht a thabhairt dá hiníon.

Ní thuigim an abairt "Tá a lán bómán srl" Bheinnse ag smaoineamh ar fhoghlaimeoirí malla agus níor mhaith liom an focal "bómán" a chloisteáil i dtaobh páiste de mo chuidse.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 493
Registered: 07-2009


Posted on Tuesday, March 02, 2010 - 08:45 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

an bhfuil Gaeilge aici féin agus an bhfuil sí in ann tacaíocht a thabhairt dá hiníon.



Níl Gaeilge aici ach ag an athair.

Níos mó:

http://books.google.com/books?id=SH9_Ze1RqQUC&lpg=PP1&ots=jrgLej1ssW&dq=maire%20 owens&pg=PR7#v=onepage&q=maire%20owens&f=false

quote:

... níor mhaith liom an focal "bómán" a chloisteáil i dtaobh páiste de mo chuidse.



Bhí mé ag tógáil amais ar na daoine fásta. Creidim go bhfuil na páistí ag dul chun cinn le coiscéimeanna cothroma.

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eadaoin
Member
Username: Eadaoin

Post Number: 45
Registered: 02-2009
Posted on Wednesday, March 03, 2010 - 03:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ta Gaeilge ag Máire - ach deir sí san leabhar nach bhfuil sí comh líofa leis a fear chéile.

eadaoin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 495
Registered: 07-2009


Posted on Wednesday, March 03, 2010 - 05:44 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Gabhaim mo leithscéal as sin. Bhí dul amú orm. Tá, tá Gaeilge ag Máire, ach d’fhoghlaim sí í ar ollscoil. Achan duine a bhí thart ar an iníon (ach duine amháin) ag foghlaim Gaeilge mar teanga neamhdhúchasach sa Ghalltacht.

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 231
Registered: 01-2009
Posted on Thursday, March 04, 2010 - 04:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

D'fhéach mé ar físean ar YouTube a thug beagán léargais dom ar an bhfadhb seo. Bhí cúpla rinceoir ag caint as gaeilge faoi chomortas éigin. Ba as Gaoth Dobhar é agus as Baile Átha Cliath í. I measc na rudaí a bhí scríofa ag daoine faoin bhfísean, mhol bean amháin a cuid gaeilge agus cháin sí a chuidse. Thuig sí an méid a bhí le rá ag an Dub níos mó ná an fear as Tír Chonaill - sin maith go leor. Ach cheap sí go raibh droch-ghaeilge aige agus, dearfainn, go raibh an "caighdeán óir" aicí.

Mar foghlaimeoir, ba mhaith liom mo ghaeilge bhriste a usáid chomh minic agus is féidir, gan caitheamh anuas orm i ndiaidh gach botún. Sin ráite, aithním go bhfuil fadhb agam (agus an leigheas agam chomh maith) muna dtuigim cainteoir dúchas - níl fadhb ar bith ag an gcainteoir.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 648
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, March 04, 2010 - 04:54 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá an ceart ag Lughaidh cé go dtéann sé ró-ghéar ar an bhfírinne uaireanta! ;-)

Tá seanfhocal ann sa Ghaelainn: cogadh carad caoi namhad.

Níl aon chaill ar líon naimhde na Gaelainne cheana féin gan lucht na Gaelainne féin a bheith ag sá na scine isteach ar a chéile.

Is ábhar bróin dom nuair nach mbíonn ar chumas lucht na Gaelainne díospóireacht (a bhfuil gá léí go minic) a bheith acu ar ábhar tábhachtach gan de shíor an nimh a bheith á cur isteach san fheoil acu.

Táim féin thar a bheith sásta géilleadh do na cainteoirí ón nGaeltacht de bharr an cumas cainte atá acu a bheith mar cheann scríbe mo aistir féin. Agus, fiú amháin, dá mba rud é nach bhfuil sé i ndán dom an ceann scríbe céanna a bhaint amach is ea is aoibhne an t-aistear dá fheabhas an sprioc.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3397
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, March 04, 2010 - 06:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

D'fhéach mé ar físean ar YouTube a thug beagán léargais dom ar an bhfadhb seo. Bhí cúpla rinceoir ag caint as gaeilge faoi chomortas éigin. Ba as Gaoth Dobhar é agus as Baile Átha Cliath í. I measc na rudaí a bhí scríofa ag daoine faoin bhfísean, mhol bean amháin a cuid gaeilge agus cháin sí a chuidse. Thuig sí an méid a bhí le rá ag an Dub níos mó ná an fear as Tír Chonaill - sin maith go leor. Ach cheap sí go raibh droch-ghaeilge aige agus, dearfainn, go raibh an "caighdeán óir" aicí.



Seidh... amaideach. Cad é a déarfaí, dá ndéarfainnse gur fearr a thuigeam Francach a' labhairt Béarla le blas Fhrancach ná fear as Béal Feirste a' labhairt a Bhéarla nádúrtha agus as a shiocair sin, go labhrann an Francach níos fearr ??? Chuirfeadh sin achan duine a' gáire.
Rud céarna leis an Ghaeilg. Tá foghlaimeoirí níos sothuigthe d'fhoghlaimeoirí ná cainteoirí dúchais, ar ndóighe.
Ag an am chéarna, tá na cainteoirí dúchais níos sothuigthe do chainteoirí dúchais ná foghlaimeoirí. Ach seo an fhadhb : is cuma leis na foghlaimeoirí sin fá bharúil na gcainteoir dúchais! Síleann siad gurb acusan atá an ceart!
Ní tharlann sin leis na "teangthacha móra"...

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 1214
Registered: 06-2006


Posted on Friday, March 05, 2010 - 11:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sén chaoi nach labhraíonn daoine mar a chéile. Tá cainteoirí dúchais - den Bhéarla, den Ghearmáinis, den Ghaeilge - arb fhurasta go mór do dhuine ar bith iad a thuiscint seachas cainteoirí dúchais eile.

B'fhearr liom go mór éisteacht leis an té a thuigfinn is a gcuirfinn spéis ina ráite - bíodh sé ina chainteoir dúchais nó ná bíodh - seachas le seanbheanbhocht arb í sárscoth na teanga (pé teanga í) a chuirfeadh sí aisti is nach dtuigfinn féin focal uaithi. Más gá rogha a dhéanamh sin é mo roghasa. Seans nach bhfuil an galar Gaeilgeoireach tólgtha agam i gceart.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!



©Daltaí na Gaeilge