http://www.clubleabhar.com/ http://www.nuacht24.com/gaeilge/clubleabhar-ar-line/ quote:Tá tionscadal nua, Clubleabhar.com, á sheoladh ag Gaelchultúr an mhí seo a bhfuil sé mar aidhm aige daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun a bheith ag léamh leabhar Gaeilge. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm ag lucht a bhunaithe chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé.