mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (January-February) » Archive through February 09, 2010 » IPA comparison chart « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 244
Registered: 08-2008
Posted on Saturday, February 06, 2010 - 03:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A' bhfeil fios aige éinne dá mbeadh cairt ann áit éinteach ar líne ar a bheadh comparáid déanta eadar an IPA agus an córas Éireannach?

Does anyone know if online there is a chart with a comparison between the 'Irish' phonetic system (Wagner, Sommerfelt, everyone else) and the IPA?

GRMA

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 668
Registered: 01-2006


Posted on Saturday, February 06, 2010 - 05:46 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ba cheart dhuit súil a chaitheamh ar dtús ar an traoáill a rinne Ailbhe Ní Cheasaide ar an IPA a chur ar Ghaeilge Ghaoth Dobhair. Fuair mé ar líne dhuit é anseo.

Ní Chasaide, Ailbhe (1999). "Irish". Handbook of the International Phonetic Association. Cambridge University Press. pp. 111–16.

Tá mé cinnte go mbeidh tú féin in ann comparáid a dhéanamh idir é seo agus na cúntais a tháinig roimhe. Go mbaine tú sult as!

(Message edited by Peter on February 06, 2010)

'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3380
Registered: 01-2005


Posted on Saturday, February 06, 2010 - 08:20 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní bhfuighidh tú comparáid eadar córas Shommerfelt nó Wagner in alt A. Ní Chasaide. Dá mbeadh an t-am agam thiocfadh liom chart a dhéanamh... ach níl go leor ama agam.

Ins an alt sin, rinn A. Ní Chasaide chart le fóinéimí Ghaeilg Ghaoth Dobhair, agus ins an alt mhínigh sí cad é mar a fhuaimníthear cuid do na fóinéimí sin (le siombóil IPA).
Úsáideann Wagner agus Sommerfelt córas dona gcuid féin, cineál córais foghraíochta simplithe, le siombóil dona gcuid féin nach bhfuil ann ins an ghnách-IPA...

In m'fhoclóir féin d'úsáid mise an gnách IPA, ach ní minic a rinn daoiní eile é go dtí seo, níl's agam cad chuighe.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 245
Registered: 08-2008
Posted on Sunday, February 07, 2010 - 04:15 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá cairt san Fhoclóir Póca - beidh orm sin a chóipeáil amach mar sin.

Dhéanfaidh sé cúis is dócha.

Bainim úsáid as an IPA i gcónaí ach tá deacrachtaí ann agus tú ag baint úsáid as an ábhar a chuaigh roimhe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3381
Registered: 01-2005


Posted on Sunday, February 07, 2010 - 07:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ins an fhoclóir phóca níl an chairt cuimsitheach. Nuair a úsáidtear trascríobh fóineolaíoch, caithfear míniú cad é mar a fhuaimníthear na fóinéimí in achan chomhthéacs. Agus ins a' chairt sin, char tugadh ach fuaimniú amháin do achan fhóinéim, rud nach bhfuil ceart : athrann fuaimniú na bhfóinéim do réir na háite a bhfuil siad sna focla, do réir mar atá béim orthu srl.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/



©Daltaí na Gaeilge