Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9549 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 15, 2010 - 08:48 am: |
|
Bhí an scéal seo ar leathanach tosaigh an Irish Timmes inniu! quote:Ireland’s Soldiers Song seems to have turned into more of an Internationale, thanks to a free karaoke download from [A city in Finland] that teaches the words to Amhrán na bhFiann. Aimed at those Irish natives who can barely stumble past the first few words of their national anthem as Gaeilge, the application has appealed to Gaeilgeoirí as far away as Vietnam and Turkey. http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=3719 |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 197 Registered: 01-2009
| Posted on Friday, January 15, 2010 - 09:44 am: |
|
Sin toradh an dhiansaothar Curiousfinn, gan amhras! |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 356 Registered: 08-2008
| Posted on Friday, January 15, 2010 - 04:44 pm: |
|
Result of my drastic labour??? Táim ag gáire os aird. Diansaothar? Mise? San abairt céanna! Tine, siúil liom!
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 618 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, January 15, 2010 - 05:22 pm: |
|
Ach is breá bhur n-amhrán náisiúnta fhéinig, a Churiousfinn. http://www.youtube.com/watch?v=KSlAuPOUew4 Cantar an leagan Sualannach de freisin? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, January 15, 2010 - 06:50 pm: |
|
A nice version of the Finnish national anthem is at http://www.youtube.com/watch?v=J3bLSpX8e3o&feature=related It is sung first in Finnish and then in Swedish (the Swedish being the original words) |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 357 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, January 16, 2010 - 02:26 am: |
|
Níl amhrán oifigiúil againn, ar chúis nó eile. Tá an leagan bunaidh ó "Maamme" (Ár dtír) scríofa le J.L. Runeberg mar an chéad dán ina leabhar "Vänrikki Stålin tarinat" (nó "Scéalta an Dara-Leifteanant Cruach") i Sualainnis san 1846. Chum Fredrik Pasius an ceol san 1848. Úsáidtear an ceol céanna san amhrán náisiúnta den Eastóin agus bhí a chéad léiriú mar sin san 1869 i dTartu. Shocraigh an dán mar ár amhrán ach i dtosach den 1900i. Tá "Finlandia" le Jean Sibelius tairgthe mar ár n-amhrán oifigiúil. Tine, siúil liom!
|
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 80 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, January 18, 2010 - 03:35 pm: |
|
is oiriúinach ár ndord ó thaobh an fhoinn de, is féidir lei lucht mór a spreagadh a haer. ach ni bhainimse puinn súp as na focail amaideacha. gnáthbhladar an náisiúnachais dar liom. Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9582 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 18, 2010 - 03:41 pm: |
|
Bhí ciall leis in am a chumtha. Níl sé leath chomh fuilteach leis an Marseillaise, abair... Tá sé ana dheacair iomann a bheidh glacadh leis an bpobal go forleathan leis a chumadh. Tá gá le spreagadh agus múscailt éigin ann. Is maith liom ceann neamh oifigiúil na hAlbain.... Roisín beag geal na hAlbain quote:When charity shall stand in Scotland's tongue For leal and soothfu band wi aa that lives When riches are nae mair the work o wrang But shall requite the ane that freest gives When Scotland's great are they wha kindest can Lift ithers' loads tae gie their spirits room Then wi a glad upspringin til the sun The winds o aa the world I shall perfume |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 81 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, January 18, 2010 - 04:24 pm: |
|
Táid go léir feiliúinach in am na cogaiochta, ambaist. Ná fuil ar ár gcumas slua a aontú i ndord, gan trácht ar fuil is foréigin.? Bimse fhéin ag cáineadh na sean-impireachtai is na tiortha antoisceacha de dheascaibh an béim a chuirid ar buaine an bhfoiréigin, cé go nglactar leis an mheoin ghearrbhreathnaitheach céanna sa tir seo! Tá's agam, ná fuil sé praiticiúil ná cúiseach athrú a chuir orthu (amhráin an domhain), ach ni ionann sin is a rá gur chóir dúinn iad a chosaint! Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 40 Registered: 02-2009
| Posted on Monday, January 18, 2010 - 05:41 pm: |
|
Is fearr liom "Amhrán Dóchais" - ba mhaith liom é a canadh mar "anthem" eadaoin |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 202 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, January 19, 2010 - 07:30 am: |
|
Is fearr liom Amhrán na bhFiann ná The Fields of Athenry, an amhrán náisiúnta neamhoifigiúil. B'fhearr liom nach raibh an maidin feicthe ag na gasúir! |
|