http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2010/0112/1224262116636.html Ní nach ionadh ach go n-aontaím leis na tuairimí a nochtar san alt céanna, mar shampla:
Maidir le (iii) áfach, ní ar mhaithe le himeartas focal a deirim nach ar na leaganacha Gaeilge, ach ar na leaganacha ‘Béarla’, atá an chuma amaitéarach. Bally in áit Béal nó Baile, Kill in áit Cill nó Coill, Knock nó Crock in áit Cnoc, More agus Beg in áit Mór agus Beag, Cloon nó Clon in áit Cluain, Iska in áit Uisce agus mar sin de. An réiteach mar sin (v) go n-úsáidfí an leagan Gaeilge nuair atá an dá leagan gar dá chéile. Má tá dhá ainm ar áit bíodh – Cill Mantáin/Wicklow, Loch Garman/Wexford, Cathair na Mart/Westport – mar a deir P.W. Joyce in Irish Names of Places (1869) ina dtaobh: “I shall only remark that they are much less numerous than might be at first supposed.” Déarfaidh daoine a rogha rud, ach ní ionann sinn agus a rá go gcaithfear aitheantas a thabhairt, ó thaobh litrithe de, do theanga nach Gaeilge í ná Béarla. Long live Ballylickey, eh?
(Message edited by ormondo on January 12, 2010)