Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 343 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, December 24, 2009 - 11:45 am: |
|
Go raibh beannachtaí Íosa bhabaí oraibh i Nollaig, agus i rith na hathbhliana go dtuga Dia grásta mór daoibh. Nollaig shona, shláintiúil, bheannaithe daoibh! I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 588 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, December 24, 2009 - 06:48 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Sheáin. Dea-scéal chugat: tháinig lánúin ar cuairt chugainn aréir agus a bpáiste ceithre bliana d'aois in éindí leo. Thugas an leaidín go dtí an Máinséar a bhí feistithe againn agus thosaigh mé ar an scéal a inseacht. "Sin í Muire agus sí é an báibín, Íosa" arsa mise leis i nGaeilge. "No," a deir sé liom i mBéarla, "I learnt the story in Big School. That's the leanbh Íosa." Leag mé mo mhéar ar dhealbha eile agus ar seisean, "They are the trí rí le bronntanais. That's the Irish for presents." Ceithre bliana d'aois! Tá Gaeilge ag na tuismitheoirí agus cé go labhraíonn siad Béarla mar chéad theanga tá Gaeilge á múineadh acu don bhuachaillín agus tá neart foghlamtha aige. Tá sé ag freastal ar Ghaelscoil. Mar a deirim, dea-scéal. Nollaig faoi shéan is faoi mhaise agaibh go léir. [I wish you all a Christmas with joy and plenty.] |