Author |
Message |
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 154 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 09:46 am: |
|
dia dhaoibh a dudes? aon scéal? |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 138 Registered: 10-2009
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 10:24 am: |
|
D'éirigh mé mo Fhirst Aid inniu 'gan sathor' (effortless?). |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3316 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 10:50 am: |
|
Bhail, tá mé ar saoire, ach tá cupla scriúdú le ceartú agam go fóill. Tá sé iontach fuar amuigh anseo (agus istoigh fosta siocair nach n-oibreann an téamh i gceart :-( ) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9345 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 10:51 am: |
|
D'éirigh leat gan stró, a Shéamais. Maith thú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9346 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 11:01 am: |
|
Maidir liom féin, táim ag treabhadh liom. Tá sé ina chlapsholas cheana féin, agus níl sé a ceathar fós. Ach níl sé chomh fuar agus a bhí súil agam leis de bharr tuar na haimsire. Súil agam go mbeidh an teas ag obair duit go luath, a Lughaidh. Céard fút fhéin, a Shinéad? |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 155 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 11:02 am: |
|
mise ag an obair.. so an seanscéal liomsa :) ach ag goil abhaile go luath agus deascéala chomh maith inniu, dúirt mo bhoss liom inniu go mbeidh sé ag tabhairt fón nua dom.. tá sé ag teastáil go géar, cheannaigh mé an ******(déanamh fóin) mar gheall ar an ngaeilge air ach ar ndoigh ní bhíonn signal le fáil amuigh faoin tuaithe! |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 156 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 11:13 am: |
|
Lughaidh, tá mé féin ag caitheamh mitíní agus tá scarf agam orm chomh maith, ró-fhuar san áit seo chomh maith!! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3317 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 11:40 am: |
|
Cibith, is tír thearcfhorbartha an Fhrainc. Húradh go mbeadh gearradh leictreachais anocht sa Bhriotáin siocair nach bhfuil go leor leictreachais fá choinne na Fraince uilig (agus cá háit a ngearrtar an leictreachas? ins an réigiún is lú duine ar maith leis an t-uachtarán seo, ar ndóighe!). Chreidfeá go bhfuil muid i bpoblacht shóivéadach anseo. *Osna* Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1190 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 02:49 pm: |
|
Tá mé ag streachailt liom. Deireadh an semester inniu, ag na mic léinn ar aon nós. Dúirt beirt liom tar éis an ranga gur mian leo fanacht liomsa don dara semester - rud a shásaigh mé. (Is amhlaidh go mbíonn ceathrar d'iarchéimithe i mbun an ábhair chéanna, agus a rogha díobh ag gach mac léinn.) Tá sé faoi bhun an reophointe anseo ó thús na seachtaine, agus beidh go deireadh na seachtaine má tá fear an aimsir le trust. Sneachta breá tirim anuas orainn in imeacht an lae. Dá bhfanfainn san Eilvéís, chuile sheans go bhfaighinn caoi ar Nollaig bhán, ach níl sé i gceist agam fanacht. Seachtain is an lá inniu beidh mé 'i gceartlár mo dhaoine' mar ba dhúil le Raifteirí fadó. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 586 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, December 15, 2009 - 06:20 pm: |
|
Bhíos féin ag freastal ar mhargadh Nollag (Weihnachtsmarkt) go dtí ro rabhas reoite go smior. Ach bail ó Dhia ar an scailtín fíona. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 175 Registered: 01-2009
| Posted on Thursday, December 17, 2009 - 05:48 am: |
|
An síorfearthainn againn anseo in Eirinn ach tá sé níos gile inniú. Tá an crann ardaithe agus gléasta againn. Tá na litreacha scríofa go Dhaidí na Nollaig agus na freagraí faighte (tá sé ag teacht agus tá gach rud aige). Tá an drama na nollaig i ndán duinn amárach. Béidh mo mhac ina superman - ní raibh fhios agam go raibh superman sa bhíobla ach táim ag foghlaim gach lá. |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 197 Registered: 08-2008
| Posted on Thursday, December 17, 2009 - 06:40 am: |
|
A Lughaidh, Beidh tú i do neamhspleachaí go seadh a mhicó! |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 472 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, December 17, 2009 - 07:41 am: |
|
''Go seadh'' sin ''go minic'' i nGaeilge Aontroma nó i seanchanúint eícint, nach ea? :) (Message edited by Trigger on December 17, 2009) Gaeilge go deo!
|
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 198 Registered: 08-2008
| Posted on Thursday, December 17, 2009 - 08:23 am: |
|
'fós', 'gó fóill', 'fathast'. go seadh < go sea < go seo. Deirtear 'seadh' de bhrí gur thit sé isteach le fuaimniú 'Is eadh' a deirtear / duradh níos iomláine in Oirthear Uladh ná mar atá nas faide ó dheas. Chluinfeá 'go sea' aige daoine i dTír Chonaill go fóill dá mbeadh sé de mhisneach agat dul thart ar choirneál Chnoc Fola. |
|