Anseo i gContae an Oráiste, California, tá mórán daonra Vítneamaigh againn. Ar an ábhar seo, faighimid faill ar an tsó cócaireachta barántúla ó Vítneam agus ón Fhrainc. Rud den tsaghas seo ar fheabhas atá caife oighrithe ( Vítneaimis:
cà phê sữa đá ). Mar sin, ba mhaith liom oideas a roinnt libh. Is maith liom é, agus b’fhéidir libh fosta.
Fógra: is milis agus tá cuid mhór caiféine ann, ach tá sé le pléisiúr ócáide. Ólfaidh mórán daoine Vítneamacha ina shúimíní as an deoch ar feadh cúpla uaire agus an t-oighear ag leá.
Comhábhair Caife Meilte (Espresso nó rósta dubh)
Bainne Comhdhlúite Milsithe
Uisce
Nótá: Úsáideann an Vítneamach scagaire a cuireann siad ar an chupa. Mura leat seo, doirt an caife úrdhéanta ar bainne comhdhlúite milsithe i gcoibhneas a ceathair lena haon.
Líon an scagaire le trí thaespúnóg caife mheilte agus an chupa le trí thaespúnóg bainne chomhdhlúite milsithe. Cuir an scagaire ar an chupa agus an chantaoir san scagaire, agus líon é le huisce ar fiuchadh go béal. Lean á líonadh gach tríocha soicind go lán cupa beagnach. Lig don chaife síothlú. Cuir oighear go fairsing. Cuir uachtar, siúcra, agus bainne comhdhlúite air mar a oirfidh. Measc, agus bain sult as i ngloine ard le spúnóg fhadchosach.
Sláinte!
Eolas bhreise i mBéarla:
http://en.wikipedia.org/wiki/Ca_Phe_Sua_Da http://www.wanderingspoon.com/ws/Vietnamese_Coffee_-_Ca_Phe.html http://www.vietnamtravel.net/specials/vietnamese-coffee