Author |
Message |
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 167 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, November 30, 2009 - 06:57 am: |
|
Cad è an Ghaeilge a bheadh ag daoine do Wind? i.e. the child has wind? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9280 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 30, 2009 - 07:15 am: |
|
Ní raibh aon Ghaeilge agam air (is Gearmánach í mo bhean!) Gaoth atá ag de Bhaldraithe, ach brúchtadh nuair is as an béal a scaoiltear é, agus bramadh nuair as an deireadh eile a scaoiltear é. Tá an leanbh ag brúchtadh, is dócha. |
|
Macdara
Member Username: Macdara
Post Number: 73 Registered: 09-2008
| Posted on Monday, November 30, 2009 - 09:57 am: |
|
A Aonghus!Rinneadh me an buidéal bainne agus na naipcíni i mo codhladh.The first 6 months I was hallucinating from lack of sleep,mind you,so perhaps I am overstating my contribution. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9283 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 30, 2009 - 09:59 am: |
|
An rud a bhí i gceist agam ná nach raibh focla Gaeilge de dhíth orm ar na cúraimí seo, ní nár phléigh mé leo! |
|
Macdara
Member Username: Macdara
Post Number: 75 Registered: 09-2008
| Posted on Monday, November 30, 2009 - 10:18 am: |
|
Mo leithscéal.Is fear nua thú gan amhras! |
|
Hugo
Member Username: Hugo
Post Number: 34 Registered: 09-2008
| Posted on Monday, November 30, 2009 - 05:00 pm: |
|
'Tá gaoth ar an leanbh'. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 539 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, November 30, 2009 - 09:25 pm: |
|
Tá an leanbh ag broimeanaigh nó ag brúchtaíl. Seanfhocal ón Afraic: Buíochas an asail: broim. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 577 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, December 01, 2009 - 03:58 pm: |
|
Is fear nua thú gan amhras! ...ach téann an úire uaireanta de bharr easpa chodlaidh. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, December 01, 2009 - 04:31 pm: |
|
Thug Hugo ansin an rud a mhothaigh mé féin ag daoine. 'Tá gaoth orm' a dúirt fear a bhí ag sluaisteáil liom lá amháin i ndiaidh greim bia a ithe. (Ní rabhais ar intinn agam ar chor ar bith a Thaidhgín, sa scéal eile thall udaí.) |
|