Author |
Message |
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 137 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, November 25, 2009 - 06:46 pm: |
|
Bhfuil a fhios ag éinne agaibh cén Ghaeilge atá ar 'sunday newspaper' nó 'the sunday paper'? Níl mé cinnte.. nuachtán Dé Domhnaigh, nó, an nuachtán Domhnaigh? |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 286 Registered: 07-2009
| Posted on Wednesday, November 25, 2009 - 07:20 pm: |
|
nuachtán Dé Domhnaigh = newspaper on Sunday (dobhriathar) an nuachtán Domhnaigh = the Sunday newspaper (ainmfhocal) I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9251 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 26, 2009 - 04:05 am: |
|
Nuachtán Domhnaigh Nuair atá ainm lae ag feidhmiú mar aidiacht, ní bhíonn Dé fágtha ann! |
|
Joe
Member Username: Joe
Post Number: 36 Registered: 09-2009
| Posted on Thursday, November 26, 2009 - 04:09 am: |
|
An bhfuil nuachtán an Domhnaigh agat? (Do you have Sunday's newspaper) ie.nuachtán áirithe amháin a thagann amach ar an nDomhnach An bhfuil nuachtán Domhnaigh agat? (Do you have a Sunday newspaper) ie. ceann de roinnt nuachtán a thagann amach ar an nDomhnach. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 02, 2009 - 05:00 pm: |
|
agus san uimhir iolra "in the Sunday newspapers", mar shampla "sna nuachtáin Domhnaigh" sa CO ós rud é gur DNTLS atá i gceist ach a' ndeirtear "sna nuachtáin Dhomhnaigh" i gcúige Mumhain? GRMA |
|