quote:Cuireann muid fáilte mhór roimh an chéad ‘Fleadh Feirste’, féile a dhéanfaidh spiorad agus spraoi na Ceathrún Gaeltachta a cheiliúradh. Tarraingíonn an Cheathrú Ghaeltachta ar a láidreachtaí traidisiúnta teanga agus cultúir le heispéireas turasóireachta agus ealaíon Gaeilge a chur chun tosaigh. Seasann an Cheathrú Ghaeltachta do shraith úr glórtha sa chathair, agus is ionad samhlaíochta, tionscnaimh agus éachta í. Seo leat agus caith seal sultmhar linn i measc daoine atá maíte as a bhfáilteachas agus as a spiorad.
http://irish.culturlann.ie/files/pdfs/fleadhprogramme.pdf www.culturlann.ie www.fleadhfeirste.com Fosta:
Rónán Beo i mBéal Feirste
Beidh Fleadh Feirste, an chéad fhéile ag Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, ar siúl ó 26-29 Samhain, agus craolfar Rónán Beo @ 3 ón Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál an dá lá sin - ná cailligí é!
Déardaoin, Aoine 26, 27 Samhain ag 3.00 p.m. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
http://www.rte.ie/rnag/RonanBeo.html