Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, November 22, 2009 - 10:57 am: |
|
An bhfuil a fhios ag éinne an bhfuil foclóir le fáil chun a cheannach sa Ghaelinn chlassiceach/nua-luaithe? Táim ag léamh dánta na Scol, agus filíocht sa tréimhse sin agus bheadh foclóir fíor-úsáideach! Go raibh maith agat. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3285 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, November 22, 2009 - 05:39 pm: |
|
Go bhfios domh ní fhuil a leithéid ri faghbháil acht ins an DIL, acht atá an t-Sean-Ghaoidhealg agus an Mheadhon-Ghaoidhealg ann fosta. Níor chuala ariamh fá fhocalóir speisialta ar an Ghaoidhilg Chlasaicigh. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9229 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 23, 2009 - 04:05 am: |
|
Tá an DIL ar líne anseo http://www.dil.ie |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 138 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, November 23, 2009 - 11:45 am: |
|
books.google.com . Tá foclóirí Gaeilge den scoth is féidir a íoslódail ón suíomh sin. Caithfidh tú an cineál leabhar atá uait a chlóscríobh sa bhosca cuardaíochta.Tá Gaeilge an 18ú/19ú aois déag ann má sí atá uait.Úsáidimse iad le cúnamh leis an tsean Ghaeilge a aistriú go NuaGhaeilge |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 163 Registered: 08-2008
| Posted on Wednesday, November 25, 2009 - 02:50 pm: |
|
Bhfuil a fhios agat, ba dhoiligh Dineen a sharù, fiù leis an Ghaeilg liteartha. Chomh maith leis sin, mà amharcaidh tù ar an fhoclòirìn ar chùl Keatings History of Ireland agus srl. bheadh sè sin thar a bheith ùsàideach. |
|