Author |
Message |
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 157 Registered: 08-2008
| Posted on Friday, November 20, 2009 - 12:19 pm: |
|
Does anyone have an etymology for the name Eithne? Does anyone have O Corràin and Maguire handy? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9216 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 20, 2009 - 01:17 pm: |
|
Tá sé agam, ach níl aon sanas tugtha. Liosta fada d'Eithneacha cáiliúla atá ann, sin uile. Ach is ionann eithne agus nucleus nó croí cnó. |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 161 Registered: 01-2009
| Posted on Friday, November 20, 2009 - 07:38 pm: |
|
Ta ciall sa mhéid thuas - bhí mé mór le Eithne amháin, tráth den saoil, agus bhí a "cnónnachas" sofeicthe! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4426 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, November 21, 2009 - 01:23 am: |
|
Chreid Thurneysen go raibh an t-ainm seo le feiceáil freisin in ainm na habhann "Inny". Abhainn ha hUíne atá uirthi anois i nGaeilge, ach deir Bunachair Logainmneacha na hÉireann gur "ainm neamhdheimhnithe" é seo. I bhfocail eile, is féidir nach bhfuil ceachtar acu, Thurneysen ná an t-ainm Gaeilge, le trust. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9221 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 21, 2009 - 09:17 am: |
|
Aisteach go leor, Eithne atá acu don abhann sa Mhí! http://www.logainm.ie/?text=inny&listText=Inny+River An Eithne Ach Droichead na hUíne i gCiarraí. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4427 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, November 21, 2009 - 11:55 am: |
|
Suimiúil! Ní raibh a fhios agam go raibh Inny sa Mhí freisin. An ceart ag Thurneysen de réir dealraimh mar sin. Mar atá a fhios agat, is minic a bhíonn ainmneacha an-ársa ar aibhneacha in Éirinn agus ar fud na hEorpa. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9223 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 21, 2009 - 01:45 pm: |
|
Is cáiliúla an Eithne ná an Uíne, go bhfios dom. Sílim go bhfuil scéal ann faoin Eithne, is ceann de trí abhann atá inti. An Brosna agus an tSuca na cinn eile, sílim. Is craobh-abhainn de chuid na Sionainne iad. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9224 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 21, 2009 - 01:51 pm: |
|
Feicim anseo san Onomasticon Goedelicum http://publish.ucc.ie/doi/locus/E#navtop gur E[i]thne atá acu ar an abhann i gCiarraí freisin. |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 162 Registered: 08-2008
| Posted on Wednesday, November 25, 2009 - 02:34 pm: |
|
An bhfuil foirm ghinideach ach èinne? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9244 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 25, 2009 - 03:34 pm: |
|
Eithne! |
|