http://www.coimisineir.ie quote:Is í Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an rialtais tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin.
Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga leagtha amach san Acht agus tá neamhspleáchas iomlán aige ina ról mar Choimisinéir Teanga.