Author |
Message |
Antaine Óg (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 10:02 am: |
|
A chairde! Cén fáth nach séimhítear an dara focal sa chás seo: -Comhairle Contae Is focal bain. í comhairle, agus de ghnáth cuirtear "h" isteach sa dara focal. Cad atá ag tarlú? GRMAgaibh, -Antaine |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1170 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 11:06 am: |
|
Tá an dá leagan ann (nó d'fhéadfaidís a bheith ann) agus brí beagáinín éagsúil leo. Gloine bheorach - cineál áirithe gloine Gloine beorach - gloine atá lán le beoir, nó líon áirithe beorach i.e. lán gloine dí Comhairle chontae - cineál áirithe comhairle Comhairle contae - comhairle de chuid an chontae Féidir leat a thuilleadh a léamh anseo: www.acmhainn.ie/tearmai/seimhiu.doc Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 130 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 11:30 am: |
|
Feictear "Comhairle Chontae" chomh maith. Is minic a dtagann ainm an chontae ina dhiadh - Comhairle Contae Chiarraí, cur i gcás. 'Sé dhá fhocal ginideach le chéile - fanann an céad focal sa ainmneach. Seans go bhfagann sin rian ar an bhfoirm ginearálta? Fan ar na saineolaithe ar aon nós! |
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 131 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 11:32 am: |
|
Tá na saineolaithe ann cheana féin! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3253 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 05:09 pm: |
|
quote:>Comhairle Contae Chiarraí, cur i gcás. 'Sé dhá fhocal >ginideach le chéile - fanann an céad focal sa ainmneach. ...agus curtar séimhiú ar an fhocal atá sa lár. Comhairle Chontae Chiarraí a bheadh ann, dar liom. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 135 Registered: 01-2009
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 05:36 pm: |
|
Dar le nasc thuas ó Abigail, ní seimhítear an dara ainmfhocal i dteidil oifigiúila. Aontaíonn Comhaire Contae Chiarraí leis - http://www.kerrycoco.ie/en/ Mar sin féin, ní raibh an ceart agam agus go raibh maith agat as an gcomhairle ginearálta. (Message edited by an_chilleasrach on November 03, 2009) (Message edited by an_chilleasrach on November 03, 2009) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3254 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 03, 2009 - 07:21 pm: |
|
Níl trácht ar bith ar na heisceachtaí sin in GGBC... Fiabhram domh féin ab é fíor-riail atá ann, nó riail a cumadh ar na mallaibh ionas nach n-athróchaí na hainmneacha oifigiúla barraíocht... (ie. cúiseannaí nach mbaineann leis a' ghramadach féin ar chor ar bith!) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1171 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 04, 2009 - 04:19 am: |
|
Sí atá sa teanga ó chianta a Lughaidh, bíodh is gur iomaí cló uirthi sna gráiméir. Féach an difear céanna idir "cos mhaide" agus "cos maide", nó "culaith mhairnéalaigh" agus "culaith mairnéalaigh." Féach go ndeirtear "obair tí" agus fós "obar bhaile." Is féidir iad seo uilig a ghlacadh mar eisceachtaí ar riail shimplí, nó mar riail eile a bhíonns fite fuaite léi. Is fearr liomsa an dearcadh ar thagair mé dó cheana, mar gur fearr mar a léiríonn sé an chaint. Seans go mb'fhearr le duine eile breith orthu mar eisceachtaí leis an mbunriail a choinneáil chomh simplithe is is féidir. Níl i riail ar bith mar is eol duit ach treoir mínithe, agus is minic a gheobhfá dhá mhíniú ar an aon treoir amháin. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Antaine Óg (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 04, 2009 - 12:53 pm: |
|
Bhuel bhuel, ceann casta atá ann gan dabht, ach mo bhuíochas díbhse as ucht as an eolas thuas. Gach uair nuair atáim ag déanamh dul chun cinn le mo chuid Ghaeilge, tagann a leithéid de rud anoir aduaidh orm :) Ach, sin draíocht na teanga, is dóigh.. |
|