quote:Bíonn réimse leathan deiseanna ag céimithe a bhfuil
Gaeilge acu chun an teanga a thabhairt isteach ina gcuid
gairmeacha. Cuireann líofacht sa Ghaeilge ar chumas
céimithe gairmeacha suimiúla a fhorbairt, ní hamháin
sna réimsí níos traidisiúnta cosúil lemúinteoireacht, le
haistriúchán agus leis nameáin, ach san earnáil ealaíon
agus chultúrtha, in eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus
i ngairmeacha cosúil le cúramsláinte, TFC agus
margaíocht.
Tá forbairt na teicneolaíochta faisnéise agus
cumarsáide (TFC) tar éis dul chun sochair gach
mionteanga. Tá borradh curtha aici faoi bhogearraí,
shuíomhanna gréasáin agus léiriúcháin chraolta trí
mheán na Gaeilge. Tá go leor acmhainní ar líne ar fáil
anois domhic léinn ar mian leo a líofacht agus a
gcruinneas a fheabhsú.Mar thoradh ar fhorbairtí TFC, tá
méadú ag teacht freisin ar líon na ndaoine a bhfuil cónaí
orthu thar lear atá ag obair leis an teanga.
http://gradireland.com/downloads/pdfs/SCG_irish_lang.pdf