mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (September-October) » Archive through October 20, 2009 » Mar a bheadh/mar bheadh « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Sineadw
Member
Username: Sineadw

Post Number: 95
Registered: 06-2009
Posted on Thursday, October 08, 2009 - 05:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ruidín eile nach bhfuil mé in inmhe a dhéanamh amach.

Bíonn 'mar a bheadh' á rá agam de ghnáth ach tar éis dom 'mar bhéadh' a fheiceáil i gcónaí in 'Pádhraic Mháire Bhán' agus 'mar dhéanfadh peata, mar dhéanfadh gasúr maith' srl, tá mé ag ceapadh nach bhfuil gá le 'a' sa chaint nó sa scríbhneoireacht de 'mar bhéadh'

An ndéarfá an 'a' sa gcás seo sa gcaint nó aon áit ar bith? An féidir liom é a fhágáil ar lár sa gcaint chun a bheith níos nádúrtha?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 641
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, October 08, 2009 - 06:04 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is dóigh go bhfuil an dá leagan ar fáil, ach amháin go n-úsáidtear "mar" gan "a" ina dhiaidh, leis an gciall "mar gheall air" a chur in iúl.

'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lars
Member
Username: Lars

Post Number: 430
Registered: 08-2005
Posted on Thursday, October 08, 2009 - 07:35 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ach tá "mar" ina réamhfhocal i "mar gheall air"

Maidir leis an cónasc "mar":
Is é "mar" le clasál coibhneasta díreach (.i. le "a" de ghnáth) an fhoirm cheart.
Ach is féidir an mhír choibhneasta dhíreach "a" a fhágáil ar lár (mar a deirtear go minic).

Ach cuir i gcomparáid:
mar (a) dhéanaim = as I do
mar déanaim = because I do
mar a ndéanaim = where I do


Lars

(Message edited by Lars on October 08, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 642
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, October 08, 2009 - 08:25 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Ach tá "mar" ina réamhfhocal i "mar gheall air"



Tá, ach ní hé a bhí i gceist a'm.

quote:

mar déanaim = because I do



Díreach an rud a deir tú, bhí mé ag iarraidh dhá chur seo in iúl. Ní féidir "a" a úsáid théis "mar" nuair is "mar gheall air" an chiall atá le "mar". Ach pé scéal é, tá cruinneas in do fhreagra nach bhfuil i mo cheannsa, maith an fear!

'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3216
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, October 08, 2009 - 11:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Roimhen ChO, ba mhinic a d'fhágthaí an "a" (mír choibhneasta dhíreach) ar lár sa teangaidh scríofaí fosta. Faghthar sin in De Bhaldraithe féin agus i gcupla leabhar foghlama eile, in 'Gaeilge Chois Fhairrge' srl.

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/



©Daltaí na Gaeilge